Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Mr. Julian de Spáinn:
Is mian liom críochnú ar son na toscaireachta le hiarratas ar an gcomhchoiste. Tá an t-iarratas seo ag teacht ó 100 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile atá ag tacú leis an bplean fáis. Bheadh sé iontach cabhrach ar fad dá mbeadh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sásta tacú go hoifigiúil leis na héilimh seo atá acu. Is é an chéad éileamh atá acu ná go dtacóidh an comhchoiste leis an bplean fáis chun plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht idir 2024 agus 2029, atá aontaithe ag breis is 130 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile, a bheith ann. Ba mhaith linn freisin go dtacóidh an comhchoiste go háirithe leis an bpríomhsprioc sa phlean go gcaithfear 0.4% de chaiteachas an Stáit ó Dheas agus 0.1% den chaiteachas ó Thuaidh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht faoi 2030. Is ionann é sin agus ar a laghad €200 milliún sa bhreis a chur ar fáil do na tionscadail Gaeilge agus Gaeltachta atá leagtha amach sa phlean fáis.
Is é an dara éileamh ná go n-aithneoidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go bhfuil teip ar na rialtais ó Thuaidh - Rialtas sa Bhreatain san áireamh nuair nach raibh an Tionól ag feidhmiú ó Thuaidh – agus ó Dheas le 20 bliain maoiniú sásúil a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge. Tá súil againn go n-éileoidh an comhchoiste ar an Rialtas ó Thuaidh agus ar Rialtas na hÉireann ó Dheas struchtúr maoinithe an fhorais a leasú láithreach bonn leis an maoiniú luaite sa phlean fáis a chur ar fáil le cinntiú nach mbeidh obair na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht srianta toisc struchtúr tras-Teorann ag cur bac ar fhorbairt phobal na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge trí chéile. Dá mbeadh an ráta fáis céanna ag an bhforas is a bhí ag an Chomhairle Ealaíon ó Dheas le 20 bliain anuas, bheadh buiséad de bhreis is €50 milliún sa bhliain aige anois in ionad a bhuiséid reatha de €17 milliún.
Is é an tríú éileamh ná, sa chás nach féidir struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a dheisiú, go dtacóidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis an éileamh chun meicníocht maoinithe eile a bhunú nó struchtúr maoinithe reatha eile a úsáid, ar nós Roinn na Gaeilge nó an ciste infheistíochta, le hobair phobal na Gaeilge a mhaoiniú go sásúil agus gan ligin d’fhorbairt na Gaeilge a bheith faoi bhac agus míbhuntáiste ar feadh 20 bliain eile mar atá tarlaithe le maoiniú Fhoras na Gaeilge ó 2003 go 2024.
Is é an ceathrú éileamh, a bhaineann leis an bhfeachtas SEAS 24 atá ag dul ar aghaidh faoi láthair mar a luaigh mé níos luaithe in Óstán Buswells, ná go dtacóidh an comhchoiste lenár n-éileamh go mbeidh €57 milliún sa bhreis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2025 le dlús a chur faoi mhaoiniú an phlean fáis.
Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as éisteacht lenár dtoscaireacht agus as an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach a thugann sé don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an coiste in ann tacú leis na ceithre éileamh atá luaite.
No comments