Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tabharfaidh sé sin cuidiú nó tuairim éigin dúinn cén treo atá rudaí chun dul. Táimid ar fad ar bís é a fheiscint ach dúradh linn nach bhfeicfimid é go dtí deireadh an tsamhraidh ar a laghad. Tá iarratas curtha isteach againn ar an Aire teacht os ár gcomhair chun déileáil leis sin, chun deis a thabhairt é sin a chraobhscaoileadh agus féachaint cad eile gur féidir a dhéanamh. Ó thaobh an Fheidhmeannais ó Thuaidh, tá mé ag súil am éigin agus áit éigin go dtiocfaidh airgead éigin uaidh. Níl an chuma air go bhfuil aon bhogadh tapa ag tarlú ina thaobh sin agus ó thaobh a lán rudaí bainteach leis an nGaeilge. Tá srianta ann toisc gur ceist pholaitiúil níos mó ná aon rud eile é.
Níl aon cheisteanna eile agam agus ní fheicim go bhfuil éinne ar líne ag iarraidh ceisteanna a chur. Mar sin, muna bhfuil aon rud eile le rá ag na finnéithe, cuirfidh mé críoch leis an gcuid seo den chruinniú inniu. Mo bhuíochas leis na finnéithe ar fad: Tomás Ó Síocháin, Siubhán Nic Grianna, Regina Uí Chollatáin, Breandán Mac Craith agus Colm Ó Baoill as bheith linn inniu. Chímid iad anseo am éigin arís nuair a bheidh muid ag cur as dóibh. Gabhaim buíochas leo arís.
No comments