Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Professor Regina Uí Chollatáin:
Ceann de na rudaí atá tábhachtach a lua anseo fosta ná an rud a luaigh Seán Ó Coinn níos luaithe ansin faoin dóigh a bhfuil muid ag braith ar fad ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar an toradh a bhí ag Acht na dteangacha. Fiú le rudaí mar sin atá le cur i bhfeidhm anois, chímid daoine ag filleadh ar rudaí, forálacha a bhí ann, nár ghlac siad leo nó nár chuir siad i bhfeidhm ó 2003. Tá daoine ag filleadh ar rudaí mar sin anois. Tá an comhoibriú seo leis na húdaráis áitiúil thar a bheith tábhachtach don chur i bhfeidhm seo. Is obair fadtéarmach agus infheistíocht fhadtéarmach atá ann agus beidh torthaí na hinfheistíochta seo le feiceáil i bhfad uainn. Caithfimid a bheith foighneach le breith ar na daoine seo. Tá an-tábhacht ag baint le cur i bhfeidhm Acht na dteangacha mar tá na daoine a bhfuil muid ag caint fúthu in áiteanna nach bhfuil siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i nGaeltacht, tá siad anois ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge le rudaí nach raibh aon bhaint acu leo go dtí seo ina saoil ach tá siad ag glacadh leis. Caithfear an dea-thoil sin a choinneáil ag dul fosta. Mar sin, tá bainistíocht le déanamh air sin.
No comments