Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

-----Maigh Chromtha i gContae Chorcaí ann freisin. Is iad sin na ceithre cinn nár éirigh linn teacht ar ghrúpaí iontu go fóill. I láthair na huaire, táimid á phlé leis an údarás áitiúla i gContae na Mí, Comhairle Contae na Mí, le féachaint an mbeadh sé ábalta an cúram a thabhairt air féin mar cheanneagraíocht mar atá déanta ag Comhairle Contae Chiarraí. Dár ndóigh beimid ag iarraidh an comhrá céanna a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall, agus le Comhairle Contae Chorcaí i dtaca le Maigh Chromtha. Mhínigh mé don choiste i gcuid mhaith de na bailte seo, ní nach ionann agus áiteanna eile ina bhfuil forbairt na Gaeilge ar siúl iontu le blianta fada macasamhail Chluain Dolcáin, Inis i gContae an Chláir agus Baile Locha Riach féin, nach raibh traidisiún láidir sna bailte seo agus ní raibh grúpa bunaithe cheana féin a bhféadfaimis dul chucu agus iarraidh orthu an cúram a thabhairt orthu féin. Tá an cúram trom. Tá cúram fostaíochta i gceist agus tá bainistiú an bhuiséid. Amach anseo, bheimis ag súil go mbeadh cuid de na grúpaí seo ábalta b'fhéidir seirbhís cúraim leanaí a bhunú sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus seilbh a fháil ar ionad forbartha Gaeilge - cultúrlann Gaeilge - sna bailte seirbhís Gaeltachta seo. Is é seo an bunachar atá riachtanach le go mbeidh an phleanáil teanga ag feidhmiú mar is ceart i mbaile seirbhíse Gaeltachta. Ní nach ionadh go bhfuil leisce ar dhaoine aonair sa phobal teacht le chéile mar ghrúpa agus na cúraimí sin uilig a ghlacadh orthu féin, go háirid nuair nach bhfuil an taithí sin acu roimhe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.