Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Seán Ó Coinn:
Tuigim go bhfuil sé tábhachtach. An bhéim agus an tosaíocht a bhí againn ná go mbeadh na húdaráis áitiúla agus na príomhoifigigh feidhmiúcháin i bhfabhar cur chuige den chineál seo, go mbeadh siad sásta an t-am a chur ar fáil agus go nglacfadh siad leis an leagan amach a bhíomar ag déanamh ar an fhóram. Is cinnte gur féidir linn na ceisteanna eile sin atá ardaithe ag an Teachta a ardú leosan agus a phlé leo. Ba mhaith linn go mbeadh úinéireacht ag na húdaráis áitiúla ar an fhóram agus go mbeidh siadsan ag glacadh freagracht as réiteach a aimsiú ar chuid de na dúshláin atá ag teacht chun cinn iontu féin agus go mbeimid ansin le tacú leis sin.
No comments