Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Seán Ó Coinn:
Is é an t-údarás áitiúil ansin atá mar cheanneagraíocht do bhaile seirbhíse Cathair Saidhbhín. Is é sin an chéad chomhairle contae atá i ndiaidh an cúram sin a thabhairt air féin. Ghlac sé tamall an fhorbairt a dhéanamh ar an socrú sin nó mar a luaigh mé i mo chur i láthair, níl cead aige oifigeach pleanála teanga a fhostú de réir rialacha an Rialtais de bharr an máthair-Roinn atá aige. B'éigean dúinn teacht ar bhealach thar timpeall air sin, más maith leat. Ansin, tá údaráis áitiúla eile atá iontach tacúil don Ghaeilge. Mar atá a fhios againn, tá cuid acu nach bhfuil oifigeach Gaeilge féin acu agus tá cuid eile a bhfuil beirt nó níos mó ná sin acu.
Bhí muid ag aithint i dtaca leis na húdaráis áitiúla a bhfuil plean teanga ina gceantair go bhfuil réimse leathan de dhea-chleachtas i bhfeidhm agus gur chóir na príomhoifigigh feidhmiúcháin sna húdaráis sin a thabhairt le chéile ar fhóram ionas go mbeidís ábalta an dea-chleachtas a roinnt le chéile agus plé a dhéanamh le Foras na Gaeilge agus le Údarás na Gaeltachta maidir leis na pleananna atá i bhfeidhm againn agus le réitigh, mar a luaigh Tomás Ó Síocháin ar ball beag, le haghaidh réimsí éagsúla de na dúshláin atá romhainn. Phléigh muid sin leo. Chuir muid téarmaí tagartha faoina mbráid agus tá siad i ndiaidh glacadh leis na téarmaí tagartha. Caithfimid anois plé a dhéanamh leo faoi na céad céimeanna eile. Bheimid ag súil go dtiocfadh an fóram sin faoi chomhchathaoirleacht Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, go dtiocfadh siad le chéile b'fhéidir trí huaire sa bhliain agus go mbeimid ag plé na ndúshlán éagsúla a bhaineann le cúrsaí pleanála teanga sna ceantracha éagsúla agus ag iarraidh teacht ar bhealaí le réitigh nó fuascailt a fháil ar na dúshláin sin.
No comments