Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Bhí na príomhfheidhmeannaigh os ár gcomhair anseo sa choiste le cúpla mí anuas. Ní raibh focal Gaeilge ag an bpríomhfheidhmeannach nua i nGaillimh. Ní raibh an focal "Gaeilge" luaite san iarratas. Ansin, bhí príomhfheidhmeannach an GRETB linn agus ní raibh focal Gaeilge le cloisteáil. Ag dul ar ais go dtí an folús, níl muid ag oibriú i bhfolús ach ag an am céanna tá na poist seo thar a bheith tábhachtach agus níl focal Gaeilge luaite. Tá suim agam san fhóram atá luaite ag na finnéithe agus na príomhfheidhmeannaigh seo ag teacht chuig an bhfóram sin. An mbeidh an rud trí Ghaeilge nó trí Bhéarla? Cad atá i gceist leis an bhfóram? Bhí pleananna ann cheana. Bhí mé 17 bliain mar chomhairleoir cathrach. Bhí na pleananna ann ó thaobh na Gaeltachtaí agus gach rud ach ní raibh aon dul chun cinn á dhéanamh. Pé scéal é, tá mo dhóthain ráite agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.