Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
Beidh meascán de Ghaeltachtaí, de chomhlachtaí agus d'earnálacha ann. Mar gur scéim nua píolótach é seo, táimid ag iarraidh é a dhéanamh ceart. Táimid ag iarraidh go mbeadh córas agus múnla measúnaithe ina áit, mar níl anseo ach tús. Is clár forbartha trí bliana atá ann agus tá iarratas déanta againn ag Roinn na Gaeltachta ag lorg maoiniú sa dóigh go mbeimid in ann an scéim sin a chur i bhfeidhm ar 50 comhlacht. Tá an scéim dírithe ar na comhlachtaí sin ina bhfuil leibhéal ard fostaíochta. Aon chomhlacht ina bhfuil 30 nó níos mó fostaithe ann, sin an rud atáimid ag iarraidh. Táimid ag iarraidh díriú ar na comhlachtaí sin in go leor earnálacha éagsúla.
Ó thaobh buiséid de, ba mhaith linn bheith in ann dul i bhfeidhm ar nó oibriú le níos mó comhlachtaí ach beimid ag braith ar bhuiséid chun é sin a dhéanamh. Táimid ag cur an creatlach agus an múnla in áit. Is rud casta é. Beimid ag iarraidh ar na cliantchomhlachtaí duine a aimsiú sa chomhlacht a bhéas sásta oibriú linn mar saghas áisitheoir teanga. Tá go leor don obair á dhéanamh againn sa chúlra le hullmhú dó sin. Le gairid anuas, d'oibrigh muid i gcomhar le hOllscoil Luimnigh agus bhí comhpháirtnéireacht againn leo ar chúrsa ar mhicrichreidiúint díreach isteach ar cóitseáil teanga sa láthair oibre. Tá lúcháir orm a rá gur thug oifigigh pleanála teanga agus feidhmeannaigh de chuid an údaráis faoin chúrsa sin. Táimid ag forbairt saineolais i rith an ama. Caithfimid na daoine atá sna cliantchomhlachtaí a chumasú leis an scéim atáimid ag iarraidh a chur ar fáil a fhorbairt ar an talamh. Is obair chasta í. Beimid ag iarraidh é sin a dul i bhfeidhm ar na daoine atá fostaithe sna cliantchomhlachtaí. Go dtí seo, áfach, bhí an plé a bhí againn leis na cliantchomhlachtaí dírithe ar rudaí a bhí ag tarlú ar an láthair oibre cosúil le comharthaíocht, cur chun cinn na Gaeilge agus ranganna. An rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh leis an scéim seo ná a chinntiú go bhfuil na daoine atá ag obair sna comhlachtaí in ann teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge ina bpobal féin. An tuismitheoirí iad a bhfuil páistí acu? An bhfuil siad ag freastal ar scoil Ghaeltachta? Céard iad na himeachtaí agus na háiseanna-----
No comments