Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Bheinn ag teacht leis an méid atá ráite ag Seán Ó Coinn. In aon chás a bhfuil plé déanta againn leis na húdaráis áitiúla - bíodh sé sin i gcomhthéacs forbartha, tithíochta, fiontraíochta nó aon slí mar sin - tá dhá rud i gceist ar an gcéad dul síos.
Bheinnse breá sásta a rá go bhfuil siad dearfach ina leith. Is cabhair ollmhór é agus muid ag plé leo go bhfuilimid ag teacht le cur chuige. Tá sé níos fearr fós más féidir linn teacht le cur chuige atá aontaithe ag leibhéal na gcontaetha ar fad in an dul amháin agus go bhfuil sé soiléir dóibh go bhfuil cur chuige leagtha amach agus gur féidir leo a bheith ag comhoibriú leis sin. Go dtí seo, i gcásanna áirithe, cuid den dúshlán a bhí ann ná go raibh súil go dtiocfadh an t-údarás áitiúil nó na háisíneachtaí eile chun cinn le coincheap a fhorbairt, a sholáthar agus gach rud eile, ach nach raibh na hacmhainní cuí in áit. Is mar sin go bhfuil muid tar éis a bheith ag féachaint ar caighdeánú a dhéanamh air sin. An taithí atá faighte againn ó na háisíneachtaí a bhfuilimid tar éis ceist a chur orthu - bíodh siad i gcúrsaí oideachais, rialtais áitiúil nó aon eagraíocht Stáit eile - ná go mbíonn siad oscailte chuige sin agus sásta a bheith ag tacú linn. Bheinnse dearfach ina leith go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil féidearthachtaí ann i gcónaí.
No comments