Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Breandán Mac Craith:
Is é an bealach a oibríonn sé sin ná ar iarratas ón Roinn a fháil, déanfaimid glaoch ar líonraí agus tiocfaidh iarratais chun cinn, is é sin léirithe spéise go bunúsach ó cheantar agus ó bhailte ar suim leo a bheith aitheanta mar líonra. Rachaimid trí phróiseas ansin as a roghnófar na cinn a bheadh oiriúnach mar líonraí. Ansin, tá idir bhliain agus suas go dtí dhá bhliain acu le dul i mbun dréachtú ar an bplean. Tá suas le €20,000 ar fáil an ceann. Is é sin €15,000 do na líonraí leis an bplean a dhréachtú agus ina dhiaidh sin, tosaíonn siad ar thréimhse fheidhmithe an phlean, an tréimhse seacht mbliana. Faoi láthair, ó Dheas ar aon nós, is é an maoiniú a chuirtear ar fáil ansin do na grúpaí sin ná €96,000 in aghaidh na bliana chun oifigeach pleanála teanga a cheapadh, le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí, agus mar sin de.
No comments