Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
Tá ceithre fholúntas ann faoi láthair agus tá próiseas earcaíochta ar siúl. Beidh beirt úr ag dul i mbun oibre i gCois Fharraige, mar shampla, go luath. Tá folúntas ag teacht chun tosaigh ar Inis Oírr. Tá folúntas eile ag teacht chun tosaigh ó Thuaidh. Is obair dhúshlánach í seo; tá muid coinsiasach de sin. Ón méid atá feicithe againn, bíonn go leor de na hiaroifigigh pleanála teanga ag obair in earnáil na Gaeilge agus ag tacú le hobair na n-oifigeach pleanála teanga atá ann. Is iontach an rud é sin. Aithníonn muid, agus tréimhse feidhmithe na bpleananna ag teacht chun deiridh, gur ceist í seo ar a bhfuil daoine ag iarraidh cinnteachta. Tá siad ag iarraidh fáil amach cé acu an mbeidh nó nach mbeidh poist acu i gceann bliana nó dhó agus cá bhfuil triail Údarás na Gaeltachta leis sin.
No comments