Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
Bheinn ag amharc ar an chur chuige a bheas ann. Is próiseas iomlán as an nua a bhí ann ag an tús. Agus muid ag obair le ceanneagraíochtaí pleanála teanga, bhí go leor foghlama sa tréimhse seacht mbliana atá, agus a bheas, caite maidir le cén cur chuige, creatlach nó múnla a bheas ag dul chun tosaigh. Roimhe seo, bhí tacaíocht curtha ar fáil leis na pleananna teanga a ullmhú. Anois, bíonn clár oibre aitheanta leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga achan bhliain agus is iad na hoifigigh pleanála teanga a bhíonn ag feidhmiú na bpleananna sin. Ar bhealach, tá struchtúr i bhfad níos láidre in áit anois ná mar a bhí ag an tús. Bhí cuid mhór oibre le cur isteach ansin. Tá muid i spás agus áit i bhfad níos dearfaí agus níos fearr anois le díriú isteach agus le cuidiú leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga sin pleananna teanga nua a fhorbairt i gcomhar leis na pobail. Níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh go dtagann na pleananna teanga ó riachtanais na bpobal féin, ag tabhairt san áireamh na réimsí, grúpaí agus spriocghrúpaí atá sna pobail sin le déanamh cinnte go bhfuiltear ag díriú isteach orthu. Caithfear dul ar ais chuig na pobail sin le fáil amach cá háit a seasann rudaí anois, ag tabhairt staitisticí, fianaise agus tionchar na hoibre atá déanta san áireamh agus ag iarraidh tógáil air sin.
Tá sé iontach tábhachtach tabhairt san áireamh fosta, mar a luaigh an príomhfheidhmeannach, Tomás Ó Síocháin, go bhfuil infheistíocht breise, le cúig nó sé bhliain anuas, déanta in go leor de na heagraíochtaí a thugann tacaíocht. Luaim Ealaín na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Muintearas na Gaeltachta. Is mór an tacaíocht í sin ach tá gá le comhordú ag leibhéal níos straitéisí agus níos éifeachtaí ar an obair sin. Is san áit seo a mbeidh go leor den fhócas ag dul chun tosaigh le go mbeidh muid ag forbairt na bpleananna teanga sin i gcomhar leis na pobail agus, ag an am céanna, ag amharc ar na tacaíochtaí agus na struchtúir atá, ar bhealach, láidrithe ó cuireadh tús leis an phróiseas seo.
No comments