Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Tá mé den tuairim go bhfuil bunús leis an dóchas sa mhéid atá leagtha amach anseo. Tá ag éirí leis. Anuas ar an taighde atá ar bun faoi láthair agus an obair atá ar siúl ag an gcomhlacht príobháideach sin, is léir dom, agus mé ag taistil timpeall na tíre, go bhfuil an pobal an-dearfach ina leith. Tá tábhacht leis sin; creideann an pobal ann. Feicim go bhfeiceann an Roinn an tábhacht leis sin chomh maith céanna agus go bhfuil fiúntas leis. Ní hé sin le rá nach bhfuil dúshláin os ár gcomhair amach le déanamh cinnte go bhfuil an obair críochnaithe in am. Tá ceist fostaíochta agus conartha ann i gcásanna ina bhfuil daoine ag teacht chuig deireadh na gconarthaí sin. Caithfear maoiniú a bheith in áit ionas gur féidir cur leis na conarthaí atá ann. Tá ceisteanna mhóra-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.