Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
Ar bhealach, tá muid ag fanacht leis na torthaí a thiocfaidh ón athbhreithniú. Tá muid ag súil leis na deich limistéar pleanála teanga sin. Tá mé dóchasach go dtabharfar tréimhse seacht mbliana eile. Tá muid ag súil go mbeidh muid ag obair leis na limistéir pleanála teanga sin a bhfuil a dtréimhse feidhmithe ag teacht chun deiridh le go mbeidh siad ag ullmhú pleananna teanga don chéad tréimhse seacht mbliana eile ina dhiaidh sin.
No comments