Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáth-chruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais ach tá gné fíorúil, ar Microsoft Teams, mar chuid de. Tá ceathrar comhalta, ar a laghad, i láthair. Tá na Teachtaí Aindrias Moynihan agus Catherine Connolly, mar aon liom féin, anseo sa seomra coiste agus feicim go bhfuil na Seanadóirí Barry Ward agus Seán Kyne agus an Teachta Joe McHugh ar líne.
Is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Inniu, déanfaidh muid ár mbreathnú ar phleanáil teanga taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Ina dhiaidh sin, déanfaidh muid plé ar an ábhar seo a leanas: an fáth nach bhfuil an suíomh gréasáin ar a ndéanann múinteoirí á gclárúchán bliantúil leis an gComhairle Múinteoireachta ar fáil go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach agus cathain go díreach go mbeidh an suíomh gréasáin seo ar fáil do mhúinteoirí go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach. Beidh feidhm agus iarrachtaí an Chomhairle Múinteoireachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais mar chuid den phlé sin chomh maith. Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá.
Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh chomhaltaí eile a bheas ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana dár ndóigh ar theilifís Thithe an Oireachtais. Is mian liom fáilte a fhearadh freisin roimh na finnéithe atá linn don seisiún seo. Is iad an beirt ionadaí atá anseo thar ceann Údarás na Gaeltachta ná príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin; agus an bainisteoir pleanála teanga, Siubhán Nic Grianna. Is iad na hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge ná cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin; príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn; stiúrthóir seirbhísí forbartha, Breandán Mac Craith; agus ard-oifigeach feidhmiúcháin, Colm Ó Baoill.
Is mian liom cur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ag freastal ar an gcruinniú ó seomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid uile. Meabhraím de fhinnéithe agus comhaltaí araon a chinntiú go bhfuil a gcuid guthán soghluaiste múchta le linn an chruinnithe, mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin, ach níl aon fhinné ag teacht isteach go fíorúil inniu. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh gach duine atá teacht isteach go fíorúil cinnte go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach mbeidh siad ag caint leis an gcruinniú.
Is mian liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin, agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaítear dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfadh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir, más féidir, daoine, ná eintiteas, a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.
Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.
Glacaim leis go dtuigeann gach duine é sin ar fad agus, dá réir, is féidir liom tús ceart a chur leis an gcruinniú. Ar dtús báire, iarraim ar Thomás Ó Síocháin a ráiteas tosaigh a dhéanamh thar ceann Údarás na Gaeltachta.
No comments