Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Professor P?draig ? Duibhir:

Díreach ar an bpointe faoin ráta aistrithe, mar a dúirt Julian de Spáinn agus mar a bhí luaite ag Cormac Chambers ina ráiteas tosaigh, tá sé breis is 80%. I gcás Scoil Chaitlín Maude, a bhfuil baint agam féin léi, téann breis is 80% ar aghaidh go dtí an iar-bhunscoil mar tá iar-bhunscoil i dTallaght, is í sin, Coláiste de hÍde. Nuair atá iar-bhunscoil ann agus tá a fhios ag tuismitheoirí go bhfuil sí ann, bíonn ráta aistrithe i bhfad níos mó ann. Is pointe an-tábhachtach é mar tá a fhios agam – tá sé feicthe agam – go n-úsáideann oifigigh na Roinne an pointe sin i bhfreagraí cheana féin. Deir siad nach bhfuil ach ráta aistrithe de 40%. Tá an ráta oifigiúil a d’fhoilsigh an Roinn féin thart ar 40% ach caithfear na cúinsí ar fad a chur san áireamh.

Rinne mé féin agus Laoise Ní Thuairisg taighde do Ghaeloideachas thart ar ocht mbliain ó shín ar an leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Bíodh is go bhfuil muid ag caint faoi rang a trí, is mian liom é sin a chur ar an taifead. Bhí breis is 300 tuismitheoir sa staidéar. Ó na daoine sin a roghnaigh an iar-bhunscoil, rinne go leor dóibh an cinneadh sular thosaigh an páiste ar an mbunscoil ar chor ar bith. Is é sin an pointe an rinne Cormac Chambers. Tagann na tuismitheoirí isteach agus is pacáiste dóibh ón naíonra – más féidir leo áit a fháil i naíonra - suas go dtí an ardteistiméireacht, agus is é sin an rogha le han-chuid tuismitheoirí. An dream a roghnaigh iar-bhunscoil trí Bhéarla, is i rang a chúig agus a sé, den chuid is mó, a rinne siad an cinneadh sin. Bhain cuid de sin le heaspa roghanna nó b’fhéidir gur bhain sé leis an bpointe a rinne Sinéad Nic Aindriú maidir le riachtanas oideachais speisialta agus mar sin de. Is ag an tús a thógann an-chuid tuismitheoirí an cinneadh. Bhí an céatadán an-ard roimh rang a haon. Is pacáiste é seo a leanfaidh ar aghaidh muna dtagann dris chosáin éigin ar nós riachtanas speisialta nó nach bhfuil teacht acu. Tá sé an-tábhachtach an pointe sin a dhéanamh don Roinn.

Chuir Clare Kavanagh síos ar an bpointe sin go han-mhaith. Tá an Roinn ag fanacht linn na huimhreacha a chruthú seachas mar atá i bpolasaí an Stáit, agus atá léirithe ag an Teachta Ó Cuív, gur cheart don Stát sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé roimhe seo, tá muid ag déanamh obair an Stáit sa chás seo agus an Stát ag cur bac romhainn seachas a mhalairt ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.