Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cad iad an figiúr atá ann ó thaobh siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna nach féidir dul chuig Gaelcholáiste, ag cur san áireamh páistí i scoileanna Béarla a bhíonn ag iarraidh dul go dtí Gaelcholáiste chomh maith? An féidir linn díriú ar an titim agus ar cé mhéad dalta atá an Stát ag loic orthu toisc nach bhfuil spás ann dóibh? Is é sin an dream a bhfuil strus orthu anois, mar a dúirt Eóin MacMaoilir, agus an dream atá ag iarraidh an comhluadar ina bhfuil siad a choimeád. Chuaigh mise ar scoil i Scoil Lorcáin fadó fadó agus chuaigh muid go dtí Coláiste Eoin ina dhiaidh. Ní raibh aon dabht ann ag an am. Bhí spás ann. Ní raibh fadhb ar bith ann. Chuaigh na páistí agamsa go dtí Coláiste Chilliain nó sa deireadh thiar chuaigh duine amháin acu go Coláiste Íosagáin. In ainneoin go raibh Coláiste Mhuire níos giorra de réir an Roinn Iompair, dúradh linn dul ansin. Bhí spás ann dóibh ach bhí a fhios agam ag an am go raibh páistí ann nach raibh spás ann dóibh i gceantair eile. Tá sé sin 20 bliain ó shin agus i roinnt cásanna deich mbliain ó shin ó thaobh mo pháistí de. Níl siad ach críochnaithe le tamall de bhlianta ach, mar sin, tá athrú suntasach tar éis tarlú. Bhí a fhios ag an Stát nuair a thug sé cead nó nuair a bunaíodh na bunscoileanna go mbeadh éileamh ann. Is é sin an rud nach dtuigeann mise. Tugadh cead agus bunaíodh bunscoil. Ocht mbliana níos déanaí, tá daltaí ag críochnú sa bhunscoil, tá siad ag lorg spás i nGaelcholáiste agus níl aon Gaelcholáiste ann. Tá a fhios ag an Stát faoi sin le blianta anuas. Ní rud nua é. Ní hé gur chuir Eóin nó aon duine anseo a gcuid páistí ar scoil gan smaoineamh. Ghlac siad leis go gcothódh an Stát spás mar gurb é seo an plean. Tá an géarchéim seo tagtha. Rud difriúil é nach bhfuil an Stát ag tacú le Gaelscoileanna a bhunú fiú, ar eagla go mbeadh níos mó éilimh ar Ghaelcholáistí, b’fhéidir. An bhfuil tuairim ag aon duine cad é a difríocht idir líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna agus iad siúd a fhreastalaíonn ar Gaelcholáistí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.