Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Rud amháin go gcaithfimid cuimhneamh air anseo ná go bhfuil píosa eile polasaí anseo a dhéantar dearmad air, is é sin:

Dearbhaíonn an Rialtas a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta tríd an ráiteas seo. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí agus do chultúr na hÉireann.

Mar sin, sa ráiteas sin, bhí an Rialtas ag rá, agus níor shéan aon rialtas é riamh ó shin, go raibh dualgas dearfach ar an Rialtas i leith na Gaeilge, ní díreach freastal ar an éileamh ach go raibh dualgas air an dualgas a chothú. Is é an rud atá tarlaithe ná nach bhfuil polasaí an Rialtais á chur i bhfeidhm ach tá sé ar fad scríofa síos. Níor shéan aon Rialtas riamh é nó ní dúirt sé, go bhfios domsa, go hoifigiúil go bhfuil sé chun í a chaitheamh amach. Deireann chuile Rialtas tráth Lá le Pádraig cé chomh mór is atá sé ar son an Ghaeilge a chur chun cinn, cé mhéad Gaelscoileanna a bhunaíonn sé, agus mar sin de. Tá go leor armlóin le haghaidh feachtas dearfach chun polasaí an Rialtais a chur i bhfeidhm agus a rá leis nach bhfuil sé á dhéanamh.

Maidir le teacht ar na scoláirí agus cé mhéad atá ag iarraidh dul ar Ghaelscoil, deirim i gcónaí, nuair a bhí Alexander Graham Bell ag déanamh an chéad teileafón, nach ndearna sé vox pop le fáil amach an oibreodh an uirlis. Is ar éigean go ndéarfadh daoine go n-oibreodh sé, agus go ndéarfadh siad nach raibh gá leis mar go raibh daoine in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile tríd litir a chur sa phost agus mar sin de. Anois, is minic go bhfuil péire nó trí cinn curtha i bpóca chuile dhuine anois.

Go pointe, is deacair éileamh a chruthú nuair nach bhfuil rud ann, ach sílim féin má tá dóthain bunscoileanna ann, nó i mbaile mór tuaithe mura bhfuil ach bunscoil amháin ann, is freastal é sin atá sách mór agus, mar sin, is é sin an t-éileamh cruthaithe. I dtaca leis an gcathair, go hiondúil bíonn trí nó ceithre bhunscoil ag freastal ar mheánscoil amháin. Tá sé éasca go maith, dar liom, na critéir a leagan síos ach caithfidh an rud a bheith bunaithe ar dhearfacht nach bhfuil an Rialtas neodrach sa chás seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.