Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Go raibh maith ag an gCathaoirleach. Cuirim fáilte roimh na finnéithe ar fad. Tá súil go mbeidh toradh ar obair an lae inniu.
Tá dhá cheist agam. Má chuirtear comórtas ar bun, ar ceart go mbeidh Gaelscoil i gcomórtas do scoil Bhéarla nó Gaelscolaíocht i gcomórtas do scolaíocht trí Bhéarla? Sa chás go bhfuil a dhóthain scoileanna Béarla ann, ann ba é shin le rá nach ceart scoil Ghaeilge a bheith ann? Ó thaobh polasaithe, agus is maith liom, b'fhéidir, rud á dhéanamh i mo chloigeann, is deas an rud é nuair atá polasaí taobh thiar den rud atá á dhéanamh. Go minic, nuair a fheictear rudaí oifigiúla ag teacht uaidh Aire, luaitear polasaí éigin mar chúis gur tógadh cinneadh áirthe. B'fhéidir go mbeadh an cinneadh le tógáil ar aon chaoi.
Tá abairt sa straitéis 20 bliain, agus tá sé i ráiteas an Rialtais in 2006, "déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá". Ní dheireann sé tada faoi chomórtas le scoileanna Béarla. Deireann sé go ndéanfar freastal ar éileamh do bhunscolaíocht trí Ghaeilge. Tá an polasaí ann agus chuile bhliain tagtar anseo go sollúnta agus deirtear go bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm, rud nach n-aontaím leis, mar is eol do chuid againn. Ach mar a deireann mé, tá sé ann. Níor shéan aon duine an ráiteas nó straitéis seo riamh. Is dóigh liom gurb í an cheist gur ceart go mbeidh againn mar choiste ná céard atá an Rialtas ag déanamh leis an ráiteas sin a chur i bhfeidhm, is é sin, go ndéanfar freastal ar an éileamh atá ann don Ghaelscolaíocht. Ar ndóigh le feidhmiú aon pholasaí, caitear a bheith réasúnach. Níl aon mhaitheas le rá le muintir áit amháin go míréasúnta go gcaithfidh siad dul as baile agus pobal a bhriseadh suas. Abraimis go mbeidh ceithre nó cúig Gaelscoil i gceantar a bhfuil eolas pearsanta agam féin faoi, Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. D'fhéadfaidís dul trasna na cathrach. Níl aon amhras faoi sin. D'fhéadfaidís dul ó dheas, áit a bhfuil cuid de na scoileanna ach bheadh an pobal briste suas. Níl sé sin go maith agus ní ghlacann tuismitheoirí leis sin. Teastaíonn uathu go dtiocfaidh formhór na scoláirí ón mbunscoil go dtí an mheánscoil chéanna. Ní aontaím, caithfidh mé a rá, go n-éireodh le cur chuige nach bhfuil bunús éigin aige i bpolasaí an Stáit. Bhí an lá sin ann go bhféadfadh Aire rá go mbunófar scoil ansin. Mar is eol do na finnéithe, bheadh an pobal é féin ag tabhairt amach mura mbunófar é ar pholasaithe. Tá an polasaí ann.
An rud go gcaithfidh an Stát a leagadh amach ná céard é a dhóthain éilimh.
Cé chomh fada ó bhaile is ceart do scoláirí dul le hoideachas a fháil, go mórmhór i gcomhthéacs cathair? Cé chomh mór is chomh lárnach is atá sé go mbeidh an scoil taobh istigh den phobal agus den mhórphobal, go háirithe ag tógáil san áireamh na bunscoileanna atá ann? Is é an rud gur gá dúinn breathnú air ná critéir a cheapaimid a bheadh réasúnta maidir le céard is ea a dhóthain éileamh scoil a thógáil i gceantar. Caithfimid comhrá a bheith againn leis an Aire an mbeadh sí sásta glacadh leis an gcritéir sin. Más rud é go nglacann an tAire leis sin, caithfidh sé seo a bheith scun scan difriúl ó éileamh ar scoileanna Béarla. Más rud é go dteastaíonn ón Aire comórtas a chur ar bun idir pátrúnachtaí scoileanna lán-Ghaeilge mar a dhéantar le scoileanna Béarla, sin ceist eile ar fad. Glacfainn go pearsanta leis sin, ach caithfidh an dá rud a bheith go hiomlán scoite amach óna chéile. D'fhéadfaimis obair a dhéanamh anseo. Bheadh spéis agam a fháil amach an gceapann na finnéithe go mbeadh sé réalaíoch tuarascáil a bhunú faoin méid seo agus a rá nach bhfuil le déanamh anseo ach na critéir a leagan amach agus an polasaí a chur i bhfeidhm.
No comments