Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. Cormac Mac Cashin:
Chuir an Teachta Costello cúpla ceist agus sílim gur féidir liom iad a fhreagairt. Ní raibh an Teachta in ann tuiscint cén fáth nach bhfuil na rudaí dearfacha a d'fhógair Joe McHugh mar Aire Oideachais ag an mbunleibhéal ann ag an meánleibheál. An rud go bunúsach a tharla ná, in 2016, rinne mé, mar a tharla, an t-iarratas chun Gaelscoil nua a bhunú i nDroim Conrach. Fuair muid 733 vóta agus dúirt an tAire ag an am, Richard Bruton, nach mbunófar Gaelscoil, go bhfuair scoil Educate Together níos mó vótaí agus gurb é sin a tharlódh. Mar chomparáid, fuair an scoil a bhfuil Eóin MacMaoilir ina chathaoirleach uirthi, Gaelscoil Shliabh Rua, 13 vóta agus bunaíodh an scoil. Chuaigh muid chuig an gCoimisinéir Teanga ag rá nach raibh sé seo ceart ná cóir, nach raibh aon rogha eile ar fáil do na daltaí sa cheantar seo a bhí ag iarraidh bunscolaíocht lán-Ghaeilge, agus go bhféadfaí an Gaelscoil nua a líonadh faoi thrí leis an líon vótaí a fuair muid. Bhí cás ann leis an gCoimisinéir Teanga agus is as sin a tháinig Joe McHugh, mar Aire Oideachais, amach le leasuithe ar an gcóras sin. Is leasuithe maithe a bhí iontu. Bhain an cás a bhí tógtha leis an gCoimisinéir Teanga le cinneadh a tógadh nach mbunófar bunscoil. Níor bhain sé le cinneadh nach mbunófar meánscoil. Is é sin an fáth gur socruithe don mheánleibhéal atá uainn, seachas don bhunleibhéal.
D'fhéadfaí a rá, leis na leasuithe a thóg Joe McHugh isteach mar Aire, go mbeadh réiteach i ndán do Bhaile Átha Cliath 10 agus 12. Is í sin an fhírinne. Ach níl aon luach ag na leasuithe sin a tháinig isteach nuair atá sé mar pholasaí ag an Roinn nach mbunófar aon scoil. Déanfaidh an Roinn Oideachais na bunscoileanna atá i mBaile Átha Cliath 10 agus 12 a dhéanamh níos mó agus níos mó. Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú den dul chun cinn a tháinig le tuarascáil an choimisinéara agus fhógra an Aire, an Teachta McHugh. Is é sin an fáth a raibh dul chun ann ag an mbunleibhéal. Bunaíodh roinnt scoileanna, Gaelscoil Eoin atá i mBaile Átha Cliath 4 agus Gaelscoil na Mara i Sord. Tháinig Gaelscoil Áine as an ngearán leis an gCoimisinéir Teanga freisin. Is comhtharlúint atá ann ach is léiriú é go raibh éifeacht ag an leasú ar an gcóras sin. Beidh breis agus 1,000 dalta ag freastal ar na scoileanna nua a d'eascair as sin. Ansin bhog an Roinn Oideachais agus dúirt sí nach mbunófar scoileanna, ach go ndéanfar na scoileanna atá ann faoi láthair a dhéanamh níos mó agus beidh níos mó áiteanna Béarla. Is é sin an fáth a bhfuil líon na ndaltaí sa Ghaelscoil ag titim cheana féin.
No comments