Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Professor P?draig ? Duibhir:

Tacaím le Julian de Spáinn. Is é an rud a bhí mé ag iarraidh a rá ná go bhfuil páistí ag aois áirithe, ceithre nó cúig bliana, i gceantar Bhaile Átha Cliath 10 agus 12 agus is é sin an seans atá acu bunscolaíocht a fháil trí Ghaeilge. Má chailleann siad an seans, tá sé caillte. Tacaím leis seo. Is é an rud a bhí i gceist agam maidir le daltaí atá 12 nó 13 bliain atá ag dul ar aghaidh go dtí an Gaelcholáiste ná go bhfuil seans amháin acu nó beidh siad imithe ar bhóthar eile. Mar a dúirt Julian de Spáinn, teastaíonn cinneadh ar na héilimh seo anois beag beann ar aon pholasaí. Mar is eol dúinn, téann státseirbhísigh i bhfolach nuair atá polasaí le ceapadh. Is féidir leo a rá go gcaithfidh siad fanacht ar an bpolasaí.

Pé scéal é, mar chúlra ar an bpolasaí, bhí méid áirithe foilsithe ar Tuairisc.ie sé, seacht nó ocht seachtaine ó shin. Ba é SEALBHÚ a rinne an taighde don pholasaí sin ar iarratas an Roinn Oideachais. Níl sé foilsithe ach fuair Tuairisc.ie cóip de faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus, mar sin, tá méid áirithe ar fáil go poiblí. Níl mé ag labhairt thar ceann SEALBHÚ ach amháin ar an méid atá ar fáil trí Tuairisc.ie agus atá scaipthe amuigh ansin, rud atá míshásúil ar bhealach. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil go poiblí, is féidir liom a rá gur chuir breis agus 10,000 duine aighneachtaí isteach nó gur líon siad suirbhé. Chuaigh breis agus 5,000 duine astu sin go dtí deireadh an phróisis so bhí an-chuid spéise léirithe ag an bpobal sa pholasaí agus sa rud a bhí ag teastáil. Is ceann de na teachtaireachtaí a thagann amach go láidir ná nach bhfuil dóthain soláthair ann ag an mbunleibhéal nó ag an iarbhunleibhéal. Tá an fhianaise air sin anseo inniu. Ní bhaineann sé le Baile Átha Cliath amháin ach leis an tír ar fad.

Chuir an Teachta ceist faoin éagsúlacht. B'fhéidir go bhfreagróidh duine eile í níos fearr ach tá rud le rá agam faoi obair an Stáit. Is cuid d'obair an Stáit na roghanna atá acu ó thaobh oideachais de a chur os comhair daoine nua chun na tíre ach ní dóigh liom go bhfuil sé sin ag tarlú go forleathan. Chonaiceamar é sin nuair a bhí scoileanna á lorg do mhuintir na hÚcráine. Is beag Gaelscoileanna a iarradh orthu páistí ón Úcráin a thógáil ach amháin iad siúd a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá meon an Stáit le feiceáil ansin. Toisc go mbíonn ró-éileamh ar na bunscoileanna, tá daoine de bhunadh na hÉireann nárbh fiú dóibh cur isteach air sin. Tháinig sé seo amach go láidir tríd an suirbhé a líon an pobal. Níor bhraith daoine gur fiú dóibh cur isteach ar bhunscoil lán-Ghaeilge muna raibh Gaeilge acu féin. Bhraith siad nach bhfaigheadh siad áit toisc go mbíonn na scoileanna rólán. D'fhéadfadh na príomhoidí agus na cathaoirligh caint faoi na cásanna ina gceantair féin. Gan trácht ar Ghaelcholáiste a lorg, tá na bunscoileanna rólán in an-chuid cásanna. Fiú sna scoileanna atá ag fás, beidh ranganna na naíonán beaga lán.

Anuas ar an suirbhé a bhí le líonadh, rinneamar anailís ar an gcleachtas i ndlínsí eile. Arís, tá cuid den taighde sin foilsithe ag Tuairisc.ie. Is cuid de sin ná go bhfuil pleananna an-chinnte sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach maidir le forbairt a dhéanamh ar oideachas tríd na teangacha sin agus go bhfuil spriocanna cinnte leagtha amach.

Tá sé sin luaite ag Julian de Spáinn ansin. Le cúnamh Dé, tiocfaidh sé sin. Caithfidh acmhainní a bheith ann. Mar a dúirt mé, tá sé go breá spriocanna a bheith i bpolasaí an Rialtais ach muna bhfuil acmhainní ann agus Aire Oideachais atá sásta an sprioc atá againn a bhaint amach agus na acmhainní a chur chuige, ní tharlóidh sé. Tá sampla iontach, faraor, de sin le cúig bhliain anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.