Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. Cormac Mac Cashin:
Cormac dathúil a bhí i gceist agat, a Chathaoirligh. Díreach chun an pointe a d'ardaigh an Teachta, ag ceistiú an pobal bán meánaicmeach Chaitliceach atá ag freastal ar na Gaelscoileanna, a fhreagairt, má bhreathnaíonn tú ar an gceantar go bhfuil mé féin agus mo chomhbhádóirí ag déanamh tagairt dó anseo inniu, sin ceantar Sord, tá trí Ghaelscoil ann. Tá Gaelscoil Chaitliceach ann faoin eaglais, tá Gaelscoil ilchreidmheach ann a bhfuil ina chomhaontas Caitliceach agus Protastúnach, agus bunaíodh an scoil sin ar Aoine an Chéasta in 1998, agus tá Gaelscoil nua idirchreidmheach ann, Gaelscoil na Mara. Tá réimse leathan roghanna ann do thuismitheoirí atá ag iarraidh teacht ar oideachas lán-Ghaeilge le haontais éagsúla. Léiríonn na figiúirí de chuid na Roinne féin go bhfuil an méid is mó agus an céatadán is airde pobail éagsúla, is iad sin daoine as tíortha eile, le teangacha eile agus le creidimh éagsúla, ag freastal ar scoil a bhfuil aontas ilchreidmheach acu, agus gach ceann de na feachtais atá i láthair anseo inniu, tá ar a laghad Gaelscoil ilchreidmheach amháin sna ceantair sin.
An dara pointe, ó thaobh ionchuimse de, ná, i ngach ceann de na ceantair atá anseo, tá ar a laghad rang speisialta nó rang uathchais amháin bunaithe ann agus tá tuilleadh le teacht. Chomh maith le sin, feicimid go bhfuil patrúin éagsúla bainteach leis na scoileanna.
B'fhéidir go bhfuil sé níos deacra do Ghaelscoileanna an Ghaelscolaíocht a dhíol le theaghlaigh ó thíortha eile. Níl an Stát ag díol na Gaelscolaíochta leis na pobail nua, cé go bhfuil feachtais ann, mar shampla, feachtas atá á reachtáil ag Conradh na Gaeilge, le pobail nua don tír seo a mhealladh isteach. I ndáríre, léiríonn na figiúirí, go háirithe ar an taobh seo den tír, go bhfuil pobail ilchineálach ag freastal ar Ghaelscoileanna agus, b'fhéidir mar iontas don Teachta, go bhfuil scoil amháin ann i mBaile Átha Cliath óna dtagann móramh de na daltaí, níos mó ná leath dóibh, ó theaghlaigh de bhunú tíortha eile. Is mionlach d'Éireannaigh atá ag freastal ar an scoil sin. Déanann daoine a dó agus a dó a chur le chéile agus faigheann siad cúig, nach mbíonn ach Éireannaigh ag freastal ar Ghaelscoileanna mar go mbaineann siad le Gaeilge agus cultúr na hÉireann, ach níl sé sin fíor. Má siúlann tú isteach in aon cheann de na scoileanna, tiocfaidh tú ar dhaltaí ó thíortha eile le teangacha, creidimh agus cultúir éagsúla. Déantar jab níos fearr, sílim, de na cultúir sin a cheiliúradh sna suíomhanna lán-Ghaeilge toisc go mbíonn an méid sin feasacht sna scoileanna lán-Ghaeilge ar luach an chultúr sa chéad dul síos. Is cuma más cultúr na hÉireann atá ann nó cultúr eile, déanann na scoileanna sár-jab as ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht mar ábhar.
No comments