Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
Dr. Sin?ad Nic Aindri?:
Ó thaobh oideachas ionchuimsitheach agus gach duine a bheith páirteach, níor smaoinigh mé ar seo go dtí go raibh mé ag teacht anseo agus go raibh mé ag labhairt le Pádraig Ó Duibhir. D'fhreastail mé ar Scoil an tSeachtar Laoch a bhunaíodh in 1973 agus bhí ar na tuismitheoirí dul in agóide agus feachtas a reáchtáil leis an scoil sin a bhunú. Bhí an t ádh liom gur fhreastail mé ar an scoil sin agus go raibh an deis agam Gaeilge a labhairt. Bhí an scoil bunaithe i mBaile Munna, ceantar faoi mhíbhuntáiste. Ag an am, má léann tú an t-alt atá scríofa ag Ciarán Ó Luain, dúradh nárbh chóir go mbeadh daltaí faoi mhíbhuntáiste ag foghlaim trí Ghaeilge. Leis an scoil a bhunú, chuaigh na tuismitheoirí go dtí an Roinn Oideachais gach maidin, leis na pramanna agus gach rud, agus osclaíodh é. Tá mise suite anseo 50 bliain níos déanaí ag lorg iarbhunscoil trí mheán na Gaeilge do mo pháiste. Níl aon athrú tarlaithe ansin. Tá suim agamsa i dtaighde a dhéanamh agus atá déanta ar pháistí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu atá i scoileanna lán-Ghaeilge agus in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Ceann de na rudaí a deireann an taighde linn ó thaobh oideachas ionchuimsitheach de ná go bhfuil a lán buntáistí ann do na páistí seo, buntáistí b'fhéidir nach mbeadh ar fáil dóibh agus iad ag freastal ar scoileanna lán-Bhéarla, mar shampla, an dátheangachas agus an deis an Ghaeilge a labhairt. Tá sé sin soiléir ó thaobh na díolúintí agus an droch-chleachtas go mb'fhéidir go bhfuil ar siúl ansin. Ní bheidh na deiseanna sin ag na páistí chun buntáistí cognaíocha, cultúrtha, féiniúlacht agus bród a fháil, nó rudaí eile, fiú. Mar shampla, b'fhéidir gur tusa an duine is laige sa rang an t am ar fad agus déanann tú an ardteist agus éiríonn leat A a fháil sa Ghaeilge. Is rud iontach mór é sin do na páistí, go mbeadh an deis sin acu an leibhéal is fearr atá acu a bhaint amach agus a bheith go maith ag rud éigin.
Níl na hiarbhunscoileanna ar fáil le freastal ar na páistí seo. Tá bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Bhéarla á bhunú i ngach áit agus tá ranganna speisialta sna scoileanna sin. Tá na páistí in ann freastal ar na scoileanna sin ceart go leor, ach samhlaigh go bhfuil do dheartháir nó do dheirfiúr ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus níl tusa ábalta freastal ar an scoil sin toisc nach bhfuil an rang speisialta nó an tacaíocht ann. Níl sé sin maith go leor ó thaobh cultúr, ionchuimsitheacht nó a bheith páirteach de. Tá níos mó i gceist ná cultúr. Baineann sé seo le páistí a bheith le chéile agus clanna a bheith le chéile.
Ó thaobh taighde de, sna hiarbhunscoileanna, tá buntáistí ann do na páistí seo chomh maith má bhíonn an deis acu freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil an deis sin ann. Táimid ag déanamh rud éigin iontach tábhachtach agus buntáiste iontach dháiríre a cheilt uathu. Níl muid ag cur an leibhéal céanna oideachas ar gach duine ná ag tabhairt na deiseanna céanna do ghach duine. Is mí-éagóir atá ann. Cinnte, táimid ag lorg freagra ó thaobh más féidir linn iar-bhunscoileanna a bhunú, ach chomh maith leis sin, más féidir linn smaoinmeamh ar na ranganna speisialta, na hacmhainní a sholáthar, na múinteoirí a thabhairt isteach, an oiliúint a thabhairt dóibh, cúntóirí riachtanais speisialta a earcú agus mar sin de. Tuigim go bhfuil i bhfad níos mó i gceist, ach tá sé tuillte ag gach duine. Sin an rud is tábhachtaí.
No comments