Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Professor P?draig ? Duibhir:

Maidir le stádas dlíthiúil, ní dóigh liom go bhfuil a leithéid sin ann. B'fhéidir go bhfuil sé in ainm is a bheith ann ach, go praiticiúil, níl sé ann. Léiríonn cur chuige na Roinne Oideachais i leith an ruda, cé go bhfuil sprioc ag an Rialtas mar atá ráite líon na n-áiteanna a dhúbailt, gur a mhalairt atá tarlaithe. Tá laghdú tagtha den chéad uair le 50 bliain, mar a dúirt an Dr. Sineád Nic Aindriú, le cúpla bliain anuas ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá sé go breá rud a bheith i bpolasaí an Rialtais ach caithfear acmhainní a chur ar fáil agus is léir nach bhfuil na hacmhainní ag an Roinn Oideachais mar is é an polasaí atá á fheidhmiú aici ná mura bhfuil fás ar an daonra, níl sí ag éisteacht le forbairt ar scoileanna nua. Is sampla maith de sin é mBaile Átha Cliath 10 agus 12. In ainneoin na streachailte agus na troda atá déanta ar fud Bhaile Átha Cliath agus na cathrach ag an mbunleibhéal, níl freagairt ag an iarbhunleibhéal. Arís, mar a dúirt an Dr. Sineád Nic Aindriú, bunaíodh iarbhunscoil in 1972 i mBaile Átha Cliath 9 agus cé go bhfuil tuismitheoirí ag an mbunleibhéal ag obair leo agus ag cur leis an soláthar, níl an Roinn ag freagairt don éileamh sin agus tá sé soiléir go bhfuil éileamh ann.

Mar a dúirt an Dr. Sineád Nic Aindriú chomh maith, bunaíodh iarbhunscoileanna trí Bhéarla ach níor bunaíodh aon scoil trí Ghaeilge. Níl an Stát ag freastal ar na riachtanais atá ag na daoine. Dár liom, is obair an Stáit atá ar siúl ag na daoine seo ar an talamh mar, má tá oideachas ann trí mheán an Bhéarla, ní gá dom faic a dhéanamh ach clárú leis an scoil síos an bóthar, an áit is gaire dom, agus déanann an Stát, na pátrúin nó mar sin de an obair. Má tá oideachas trí Ghaeilge uait, caithfidh tú féin an-chuid den obair a dhéanamh agus cur suas le droch-choinníollacha agus droch-chaighdeán, agus níl tú cinnte cá mbeidh tú an bhliain seo chugainn ó thaobh scolaíochta agus mar sin de. Tá íobairt an-mhór ag teastáil chun scolaíocht trí Ghaeilge a roghnú ar an gcéad dul síos, agus ansin, agus tar éis ocht mbliana, mar a dúirt Cormac Chambers, tá na pobail sin á mbriseadh suas mar nach féidir leo dul níos faide.

Is ceart dúinn féachaint ar céard atá ar siúl i dtíortha eile. Tá a fhios agam go bhfuil an fócas inniu ar Bhaile Átha Cliath, ach braithim mura bhfuilimid chun foghlaim ó áiteanna eile, beidh dreamanna eile ó cheantair dhifriúla ar fud na tíre istigh, mar a bhí i laethanta eile. Dá réir, beidh ceantair eile i mBaile Átha Cliath agus beidh na fadhbanna céanna acu. In Albain, mar shampla, chun oideachas trí mheán Gaeilge na hAlban a fháil, má thagann cúigear tuismitheoirí ag leibhéal aoisghrúpa an naíonra ann i gceantair bhardais agus má léiríonn siad éileamh, tá dualgas ar an údarás áitiúil ansin freagairt ar an éileamh sin. Is é sin rud nach bhfuil againn in Éirinn ó thaobh ceart dlíthiúil de má tá éileamh ann ag tuismitheoirí, mar a bhí sna seachtóidí agus na hochtóidí nuair a bhí bhí ceart ann bunscoil a bhunú nuair nach raibh 20 páiste ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge cheana ann. B’shin an critéar an-soiléir a bhí leagtha síos. Tá an critéir sin imithe, mar atá léirithe ag daoine eile, mar go bhfuil smacht faighte ag an Roinn Oideachais anois ar an gcóras. Ní raibh sí coinneáil suas roimhe leis an méid scoileanna a bhí le bunú, ach anois tá smacht ag an Roinn ar an gcóras agus tá sí in ann a rá nach bhfuil sí chun scoil a bhunú, mar shampla, i mBaile Átha Cliath 2, 4 nó 6 mar, ar pháipéar, go bhfuil spásanna ann. Mhínigh Cormac Chambers go han-mhaith ansin ina shampla cén fáth nach leor spásanna mar chritéar anois. Táimid ag caint faoi phobail, faoi thaisteal agus a leithéidí sin.

I dTír na mBascach, b'fhéidir an eiseamláir is fearr, ag deireadh na seascaidí bhí 8% de mhúinteoirí cumsach sa Bhaiscis chun í a mhúineadh. Anois tá breis is 90% ag leibhéal C1 ar an TEG. Téann sé suas chomh fada le C2. Tá 91% ag leibhéal C1 nó níos fearr. Conas a rinne siad é sin? Infheistíocht. Chuir siad oiliúint ar 23,000 múinteoir sa tréimhse sin sna hochtóidí agus na nóchaidí. Chuir siad tacaíocht teanga ar fáil. Mar a dúirt Treasa Ní Mhurchú leis an bhfeachtas le haghaidh Baile Átha Cliath 10 agus 12, má tá sruthanna le bunú i mbunscoileanna, caithfear tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí. B'fhéidir go mbraitheann múinteoirí sna scoileanna sin nach bhfuil siad cumasach sa Ghaeilge, ach dá mbeadh tacaíocht ar fáil dóibh i bhfoirm cúrsaí Gaeilge nach mbeadh orthu féin íoc astu, b'fhéidir go mbeidís sásta iad a dhéanamh. I dTír na mBascach, tá an ceart ann oideachas trí mheán na Baiscise a fháil má lorgaíonn daoine é, agus sin a roghnaíonn formhór na ndaoine.

Go bunúsach, is é sin an áit a fheicim an fhadhb. Tá réiteach ag teastáil ó na daoine seo agus gach aon duine againn anseo. Nuair atá tú ceithre nó cúig bliana d'aois, tá deis agat oideachas a fháil trí Ghaeilge. Nuair atá tú 12 nó 13, tá deis agat bogadh ar aghaidh go dtí an meánscoil. Ní haon mhaith é rud éigin a bheith ar fáil i gceann deich mbliana do mo pháistí nó do pháistí an chéad duine eile. Beidh an deis caillte. Tá freagraí ag teastáil ó gach aon duine againn anseo láithreach. Anuas air sin tá freagraí níos faide tréimhsí de dhíth le nach mbeidh ar dhaoine cosúil linne teacht isteach ag áitiú ar an gcoiste nach bhfuil an Roinn Oideachais ag éisteacht linn nó fiú ag tabhairt aird ar spriocanna an Rialtas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.