Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
Ms Treasa N? Mhurch?:
Go raibh míle maith agaibh. Chaith mé thart ar deich mbliana mar chathaoirleach ar bhord bainistíochta Gaelscoil Inse Chór so tá an-aithne agam ar an gcás i mBaile Formaid. Le 40 bliain anuas, bhain páistí ó Bhaile Formaid agus Droimeanach sult as oideachas trí Ghaeilge i nGaelscoil Inse Chór agus i Scoil Mológa. Ach mar gheall ar éileamh áitiúil ina gceantar féin, níl áiteanna ar fáil níos mó. Tá sé in am ag Baile Formaid agus Droimeanach Gaelscoil dá gcuid féin a bheith acu. Bhunaigh grúpa tuismitheoirí agus tacadóirí an cumann Gaelscoil 10 agus 12 in 2021 chun feachtasaíocht a dhéanamh ar son Gaelscoile i mBaile Formaid agus Droimeanach. Is iad Baile Átha Cliath 10 agus 12 na ceantair phoist amháin i mBaile Átha Cliath nach bhfuil Gaelscoil acu. Ba mhaith linn go mbeadh Baile Formaid agus Droimeanach mar chuid den fás mór ar leas na Gaeilge ó chósta thoir na hÉireann agus ba mhaith linn a bheith páirteach sa ghluaiseacht chun an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge a thógáil, mar a bhí uair amháin. Táimid ag iarraidh go mbeadh deis ag ár páistí i mBaile Átha Cliath 10 agus 12 oideachas a fháil trí Ghaeilge. Osclaíodh Naíonra An Teanga Bheo i mBaile Formaid in 2017 agus tá sé ag feidhmiú go lánacmhainneach ó shin i leith. Ach ní fhaigheann an chuid is mó de na páistí seo áit sa Ghaelscoil is cóngaraí dúinn, in Inse Chór agus Cluain Dolcáin, toisc nach bhfuil cónaí orthu sa cheantar. Mar chuid dár bhfeachtas d'fhéachamar ar shruth lán-Ghaelach. Ciallaíonn sé seo rang sóisearach co-ed a shruthú trí Ghaeilge isteach i scoil atá ann cheana féin. Rinneadh é seo go han-rathúil i mBunscoil Ghaeilge Santa Maria i Sráid Synge. Tá ranganna acu suas go dtí rang 5 anois sa scoil sin agus tá siad anois mar eiseamláir do shruthú rathúil. Tá dúshlán mór roimh Ghaelscoileanna nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí atá sásta múineadh trí Ghaeilge. Muna bhfuil dóthain páistí againn ag teacht tríd na Gaelscoileanna, ní bheimid in ann múinteoirí a sholáthar do scoileanna amach anseo.
Chuamar i dteagmháil le boird bainistíochta na scoileanna go léir i gceantar Bhaile Formaid agus Droimeanach. Bhí líon na scoileanna a ndeachamar i dteagmháil leo ag titim agus bhraitheamar gur deis mhaith a bhí ann dóibh teaghlaigh nua a mhealladh chuig ranganna nua comhbhunaithe agus deis a thabhairt do thuismitheoirí páirt a ghlacadh i gcultúr na Gaeilge trí oideachas a bpáiste. Ach anois tá brú láidir ar na ranganna seo so chailleamar an deis sin. Bhíomar i mbun cainte le Scoil Chailíní Naomh Louise i mBaile Formaid, agus bhuaileamar leis an mbord bainistíochta, leis an bhfoireann agus leis an bpríomhoide, ach chinn an scoil gan rang a shruthú toisc nach raibh na múinteoirí Gaeilge le fáil. Don bhliain atá romhainn áfach, tá cinneadh déanta acu seisiún iarnóin lán-Ghaeilge a chur ar fáil mar chuid dá Early Start programme mar gheall ar an éileamh ar áiteanna naíonra.
Iarraimid ar an gcoiste seo ceist a chur ar an Roinn féachaint ar nósanna imeachta chun rang a shruthú isteach i ranganna scoile atá ann cheana féin. Tá cead ag teastáil faoi láthair ó thrí rannóg éagsúla laistigh den Roinn. Is dóigh linn go bhféadfaí é seo a shruthlíniú chun é a dhéanamh níos éasca do scoileanna an próiseas a nascleanúint.
Sa phlean forbartha ceantair áitiúil nua do Bhaile Formaid agus Droimeanach, tá soláthar do thrí scoil nua. An féidir leis an gcoiste soiléiriú a thabhairt, lena thoil, don Roinn Oideachais maidir lena seasamh ar scoileanna nua ag teacht isteach i gceantar ina bhfuil an daonra ag dul i méid? Tá sé beartaithe go mbeidh os cionn 1,500 aonad cónaithe nua ag Baile Formaid agus i nGort na Silíní agus tá 800 aonad cónaithe nua beartaithe ag Droimeanach faoi láthair. An bhfuil soláthar ann do scoil nua ag teacht go ceantar le bheith ina Ghaelscoil mura bhfuil Gaelscoil ann? An bhfuil seasamh ag an Roinn maidir le scoileanna de chineál pobail? Ba mhaith linn go dtabharfaí freagraí ar na ceisteanna sin.
Sa deireadh, is mian linn rogha níos fearr a thairiscint do thuismitheoirí inár gceantair agus na deiseanna oideachais trí Ghaeilge a mhéadú do pháistí. Go raibh míle maith ag an gcoiste.
No comments