Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Dr. Sin?ad Nic Aindri?:

Gabhaim buíochas le baill an choiste as ucht an deis a thabhairt dom teacht anseo inniu chun labhairt leo. Tá mé ag labhairt leo mar thuismitheoir ar bheirt pháistí i nGaelscoil Áine, bunscoil lán-Ghaeilge idirchreidmheach i mBaile Átha Cliath 9 a bhunaíodh in 2019 de bharr éileamh sa cheantar ar an nGaeloideachas. Is scoil ilchreidmheach agus ionchuimsitheach í Gaelscoil Áine. Tá daltaí ó chúlraí éagsúla agus tuismitheoirí ó gach cearn den domhan ag freastal ar an scoil. Tá mé anseo chomh maith inniu ag labhairt leis an gcoiste mar oideachasóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá suim ollmhór agam sa Ghaeloideachas agus san oideachas ionchuimsitheach. Tá mé ag éileamh Gaelcholáiste do cheantar thuaisceart Bhaile Átha Cliath - Baile Átha Cliath 9 - agus is mian liom na cúiseanna a bhfuil gá le Gaelcholáiste a bhunú sa cheantar sin a chur os comhair na baill.

Is ceantar mór é Baile Átha Cliath 9. Tá éileamh ar an nGaelscolaíocht sa cheantar seo agus tá sé sin soiléir ó thaobh an ró-éileamh bliantúil a bhíonn ar áiteanna sna bhunscoileanna agus san iarbhunscoil lán-Ghaeilge atá sa cheantar. Bíonn liosta feitheamh sna scoileanna lán-Ghaeilge gach bliain. In ainneoin sin, níl ach iarbhunscoil lán-Ghaeilge amháin sa cheantar a bhunaíodh in 1972 agus tá naoi iarbhunscoil a múineann trí mheán an Bhéarla sa cheantar. Níl deis ag an-chuid páistí a fuair oideachas trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal leanúint ar aghaidh chuig iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Laistigh den cheantar, tá trí bunscoil lán-Ghaeilge. Tá Gaelscoil Áine, Scoil Mobhí, agus Scoil an tSeachtar Laoch lonnaithe i mBaile Átha Cliath 9. Chomh maith leis sin, tá Gaelscoil Bhaile Munna, atá i mBaile Átha Cliath 11, Gaelscoil Cholmcille i mBaile Átha Cliath 17, agus Scoil Neasáin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath 5. Tá na háiteanna sin go léir gar don cheantar chomh maith. Tá 1,352 áit scoile iontu san iomlán. De bharr an easpa Ghaelcholáistí sa cheantar, tá ráta aistrithe ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge go hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge íseal toisc nach bhfuil an rogha sin ann do na tuismitheoirí agus na páistí. I mbliana, beidh 149 dalta ag fágáil na mbunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 5, 9 agus 11, agus gan ach áit ann do 96 dalta sa Ghaelscoil amháin atá bunaithe sa cheantar. Tiocfaidh fás ar na figiúirí seo chomh maith de réir mar atá Gaelscoil Áine ag fás agus ag forbairt mar níl ach suas go rang trí sa scoil faoi láthair. Beidh an líon daltaí ag méadú.

Tá géarghá le hoideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 9 a leathnú ar chúiseanna éagsúla. Ar an gcéad dul síos, tá an t-éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge sa cheantar ag dul i méid, rud a léiríonn treocht náisiúnta níos leithne. De réir mar a aithníonn níos mó tuismitheoirí na buntáistí cultúrtha, cognaíocha agus oideachais a bhaineann leis an dátheangachas, lorgaíonn siad oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí. Mar sin féin, níl an soláthar reatha d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 9 maith go leor chun freastal ar an éileamh seo. De bharr seo, níl páistí an cheantair in ann rochtain a fháil ar na buntáistí a thagann le freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge agus is éagóir é na buntáistí seo a cheilt ar na páistí sa cheantar. Tá sé ríthábhachtach oideachas trí mheán na Gaeilge a thairiscint i mBaile Átha Cliath 9 agus i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn i suíomh uirbeach. Tá oidhreacht shaibhir Ghaelach ag Baile Átha Cliath 9, agus dá gcuirfí níos mó scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil sa cheantar, chuideodh sé leis an bhféiniúlacht chultúrtha seo a neartú. Trí líofacht sa Ghaeilge agus tuiscint níos doimhne ar chultúr na hÉireann a chothú, cuireann na scoileanna seo le caomhnú ár n-oidhreacht náisiúnta. Ina theannta sin, tá rochtain ar iarbhunoideachas trí mheán na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 9 tábhachtach do ghnóthachtáil oideachais agus cuimsiú sóisialta na dteaghlach a labhraíonn Gaeilge.

Ba chóir go mbeadh an ceart ag gach páiste freastal ar scoil lán-Ghaeilge ina theanga nó teanga náisiúnta. Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag gach páiste, na daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas acu san áireamh, freastal ar scoileanna ionchuimsitheacha. Tá iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil ranganna speisialta iontu ag teastáil chun tabhairt faoi seo sa cheantar. Faoi láthair, ní bhíonn an rogha ag roinnt daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas acu freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge mar níl aon ranganna speisialta ar fáil dóibh sa Ghaelcholáiste áitiúil.

Na moltaí atá againn ná gur cheart próiseas cothrom chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a thabhairt isteach; go mbeadh ceart dlíthiúil ag daoine ar oideachas lán-Ghaeilge; dualgas reachtúil a thabhairt isteach maidir leis an líon scoileanna lán-Ghaeilge a ardú; agus oideachas ionchuimsitheach lán-Ghaeilge a chur ar fáil trí iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a bhfuil ranganna speisialta iontu, mar shampla. Tá sé soiléir ó na figiúirí thuas go bhfuil an-éileamh ar an nGaelscolaíocht i mBaile Átha Cliath 9 agus i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá ró-éileamh ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar agus, in ainneoin sin, níl ann ach iarbhunscoil lán-Ghaeilge amháin sa cheantar, a bhfuil ró-éileamh uirthi. Níor osclaíodh aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar ó 1972. Is iarbhunscoileanna meán-Bhéarla a bunaíodh. I mBaile Átha Cliath 9 agus i dtuaisceart na cathrach, tá na huimhreacha againn a shásódh aon chritéar a úsáideadh chun Gaelcholáiste nua a bhunú. Ba cheart sprioc an Rialtais, is é sin líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge a dhúbailt, a chur i bhfeidhm. Laghdú atá tar éis teacht ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge den chéad uair le 50 bliain anuas agus níl sé seo maith go leor.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis an cur i láthair a dhéanamh ar son an fheachtais i mBaile Átha Cliath 9 agus tuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.