Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Brian Ó Gáibhín:

Tá áthas orm gur éirigh leis an Teachta teacht chuig an gcruinniú inniu mar tá mé ag plé leis an rud seo leis chomh fada sin siar. Maidir leis na rudaí atá leagtha síos ag an Teachta ansin, is é sin an tuiscint a bhí againn ar fad sna líonraí atá ag suí thar timpeall ar an mbord seo. Cé nach raibh lárionad i roinnt áiteanna agus mar sin de, bhí an pobal agus cuid mhaith de na rudaí eile ann agus bhí muid ar an tuiscint go raibh an Stáit sásta teacht i gcabhair go han-sciobtha agus pé bearnaí a bhí ann a líonadh.

Ó thaobh líonra shráidbhaile Chluain Dolcáin de, d'fhéadfadh mise éirí as mo phost maidin amárach mar tá an stádas agus gach rud a bhain leis an líonra bainte amach againn. Tá cainteoirí dúchasacha anois i gCluain Dolcáin agus beidh siad ann go deo na ndeor. Tá na háiseanna ann. Tá ionad againn. Táimid ag déanamh staidéar féidearthachta i láthair na huaire. Bhíomar ag caint leis na hailtirí an tseachtain seo caite mar gheall ar áis naíscolaíocht le naíolann agus chuile shórt. Bhí an naíonra againn ann. An deacracht is mó atá againn, mar atá ráite ag na grúpaí eile, ná go ndéarfadh chuile duine beo leat sa sráidbhaile gurb é an naíscoil is fearr, is cuma cén teanga, sa sráidbhaile ná Naíonra Chrónáin in Áras Chrónáin. An t-aon rud ná go bhfuil sé fíordheacair áit a fháil ann. Tá daoine ann agus tá pobal ann. Dúirt mé níos luaithe go raibh os cionn 60 grúpa pobail ag úsáid áiseanna an árais mar nach bhfuil aon áiseanna eile sa cheantar do phobal teacht le chéile. Is de bharr go bhfuil siad ag teacht chugainn go bhfuil an Ghaeilge ag éirí níos láidre. Tá gach rud atá ráite ag an Teachta indéanta, má leagtar amach an t-infreastruchtúr agus an pobal agus mar sin de, agus an tacaíocht a thabhairt.

Le do cheist a fhreagairt, an bhfuil an tacaíocht ceart á fháil? Níl. Bun agus barr an scéil. Mar a luaigh mé leis na leaids agus mé ag magadh níos luaithe taobh amuigh den chruinniú seo, táim ag ceapadh go bhfuilimid chun caipín na healaíne a chur orainn féin, mar tá sé i bhfad níos éasca agus i bhfad níos tairbheach bheith ag plé leis na healaíona seachas le cúrsaí Gaeilge. Cuirimid isteach iarratas chuile bliain ar eTenders - bíonn 20 nó 30 leathanach i gceist - ag lorg pinginí suaracha. Ansin deirtear linn nach bhfuil siad cinnte faoi seo nó faoi siúd. Tuigim cúrsaí buiséid, tuigim cúrsaí maoiniú agus tuigim an dúshlán atá ag Foras na Gaeilge. Ach mar a luaigh an Dr. Mac Ionnrachtaigh níos luaithe, tá muid thar a bheith buartha ní hamháin faoi dháiríreacht an Stát, ach freisin faoi dháiríreacht rannóga Stáit agus maorlathas an Stáit, i leith na Gaeilge. Chuala mé ráfla go bhfuil an-seans ann go mbeidh stádas líonra Gaeilge ag grúpa pobal eile amuigh ansin - grúpa nua a bunaíodh deich mbliana ó shin, b'fhéidir - taobh istigh de dhá bhliain. Is gá stop a chur le rudaí agus dul ar ais.

Tá mé buíoch don deis teacht anseo inniu ach caithfear rudaí áirithe a mhíniú do na daoine i bhForas na Gaeilge. B'fhéidir nach rabhadar ann ag am nuair a bhíomar ag déileáil leis an tubaiste. Is cuimhin liom bheith ag suí i gCearnóg Mhuirfean leis an Teachta Ó Cuív, le Dónal Ó hAiniféin agus le hÉamon Ó hArgáin in 2010, nó b'fhéidir 2008, agus ag caint mar gheall ar Acht na Gaeltachta a bheith ag teacht suas. Nuair a tháinig an tAcht amach, bhíomar ar fad ag ceistiú an é sin an rud a bhíomar tar éis bheith ag caint faoi mar bhí sé thar a bheith scaoilte.

Thar na blianta, d'éirigh liom labhairt i slí thar a bheith PC faoi chúrsaí pobail agus cúsaí maoiniú. Is í an buncheist atá againn ná seo: an bhfuil an Stát dáríre? Tá mise den tuairim go bhfuil léarscáil ar an mballa in oifig éigin agus tá pionnaí á gcur isteach ann - ceann ansin agus ceann anseo - rud atá maslach dúinne. Úsáidim an focal "maslach" mar go bhfuilimid dáiríre faoi. Cheannaigh an pobal Orchard House. Níor bhronn an Stát Orchard House ar phobal Chluain Dolcáin. Chuadar amach agus bhailíodar airgid nuair nach raibh airgid ar fáil ag deireadh na 1980idí nuair a bhí chuile duine ag dul ar báid. Chuir muid an tÁras ann. Chuir muid na scoileanna ann. Tá Gaelscoil na Camóige ar shuíomh an árais. Táimid ag coinneáil an cíos ag €2,000, ráta atá ag déanamh dochar d'fhorbairt Mhuintir Chrónáin agus Áras Chrónáin. Tuigimid má ardaíonn muid an cíos ar an scoil go mbeidh brú ar na tuismitheoirí. Níl an rud comh hard sin. Is cuimhin liom nuair a dúirt an Roinn le hÉamon gur cheart dó bheith ag plé leis an mbeart Gaeilge: "fair play, maith an fear, away leat".

Má tá an Stát dáríre faoi, táimid lán-sásta é a thabhairt thar an líne, gan teip. Tá Corn Sam Mhic Uidhir buaite ag gach éinne anseo ó thaobh earnáil na Gaeilge de fadó. Táimid ann mar go creidimid ann, mar phobal, agus beimid ann. Má theipeann ar Fhoras na Gaeilge maidin amárach, beimid fós ann. Beidh dúshláin romhainn, beidh deacrachtaí againn ach beimid fós ann. Má táthar dáiríre faoin gceist seo, tá sé nuts go bhfuilimid ag suí anseo inniu gan Aire na Gaeilge linn. Iarraim ar an gcoiste seo labhairt leis an Aire agus leis an Rialtas agus iarraidh orthu meas a léiriú orainn, ár gceisteanna a fhreagairt agus plean a thabhairt dúinn a thaispeánann go bhfuil siad dáiríre faoin nGaeilge a chaomhnú. Is féidir na smokescreens agus na stats go léir a chaitheamh amach- is féidir liomsa é sin a dhéanamh maidin amárach - ach nuair a bhreathnaímid síos ar an talamh is léir nach bhfuil an tacaíocht cuí ar fáil agus sin bun agus barr an scéil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.