Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Dónal Ó hAiniféin:
Chun an stair a léiriú, theip ar formhór mór na n-aonad a bunaíodh sna 1990idí. Mhair na cinn cosúil le Gaelcholáiste an Chláir, atá mar aonad, toisc daoine dochreidte, tiomanta, díograiseacha, a bheith ag obair inti agus ag cur na teangan chun cinn agus toisc an tacaíocht dochreidte a fuair sí ón mbunscoil lán-Ghaeilge áitiúil. Is gá dúinn an ceann sin a réiteach.
Maidir leis an gceist faoi ionad Gaeilge, tá plé leanúnach ar siúl idir muid féin, an chomhairle contae agus Roinn na Gaeltachta maidir le hionad lán-Ghaeilge a bhunú in Inis agus tá súil againn go mbeidh an tacaíocht ann chuige sin. Tá dul chun cinn áirithe ag tarlú ansin. Is é sin an dá phríomhbhéarna atá le líonadh.
Maidir leis an gceist idirnáisiúnta, ba cheart go mbeadh an Stát seo ag nascadh líonraí le bailte i dTír na mBascach, sa Bhreatain Bheag agus in áiteanna eile ina bhfuil mionteangacha á labhairt. Bhí 81 dalta ón Fhrainc againn an tseachtain seo in Inis agus iad ar fad sásta beagáinín Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt mar bhímid ag plé le mionteangacha. Tá maoiniú ann ón Eoraip faoi scéim Erasmus+ ach caithfimid a bheith cruthaitheach faoi sin chun pobail Ghaeltachta, agus líonraí agus mar sin de, a nascadh leis na pobail seo mar tá go leor le foghlaim againn. Thugas féin rang go dtí Zeberio i dTír na mBascach agus bhí go leor le foghlaim againn uathu maidir le cur chun cinn agus normalú na teangan atá déanta acu sa stáit sin, atá comhtháite, pleanáilte, bunaithe céim ar chéim agus tomhaiste. Tá go leor le foghlaim ag an Stáit seo faoi sin. Molaim an coincheap maidir leis na líonraí ach fágadh muid ar an ngannchuid. Chuireamar plean le chéile agus praghas ar an bplean sin, agus tugadh leath an mhéid airgid dúinn chun an plean sin a chur i bhfeidhm. Ní raibh sé sin sách maith.
No comments