Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí mé ag éisteacht leis an gcuid is mó den mhéid a bhí le rá ó thuas staighre. Táim le díriú ar cheist amháin, ceist na líonraí agus céard a bhí i gceist leo. Má bhreathnaímid ar an teanga, is é an dúshlán atá againn ná múineadh na teanga sna scoileanna ar fad. Táthar ag ceapadh go bhfuil sí á múineadh go maith. Tá go leor againn a ndeachaigh chuig scoileanna a bhí ag teagasc trí Bhéarla ach inar múineadh na Gaeilge go maith. Is í an fhadhb a bhí agus atá ann agus an fhadhb a chonaic muid ná go gcaithfear nós na teanga a aistriú ón scoil go dtí an pobal. Fiú leis na Gaelscoileanna, tá teipthe orainn dul thar an gclaí sin. Cloiseann tú an oiread sin daoine a thagann isteach go Dáil Éireann agus, go tobann, tá an Ghaeilge úsáideach. Deireann siad go raibh sí acu nuair a d'fhág siad an scoil ach níl sí acu níos mó. Má bhreathnaíonn tú ar na daonáirimh ó Dheas, feiceann tú go bhfuil líon na ndaoine a deireann go bhfuil Gaeilge líofa acu i bhfad níos airde ag 18 ná mar atá sé ag 30.

Bhíodh mise ag dul thart ag Cluain Dolcáin. Is minic a bhí mé amuigh le Brian Ó Gáibhín. Bhí mé i gCarn Tóchair agus mar sin de mar Aire agus bhí mé an-tógtha leis an obair atá ar bun i ngach aon áit. Caithfidh mé an-creidiúint a thabhairt do mhuintir iarthar Bhéal Feirste agus muintir Charn Tóchair. Go deimhin, tá cailín ag obair i m’oifig féin i láthair na huaire as Carn Tóchair. Theastaigh duine a bhí líofa sa Ghaeilge agus sa Bhéarla le hoibriú i m’oifig mar is í an Ghaeilge an lingua franca atá againn, ach déileálaimid leis an bpobal sa teanga a roghnaíonn siadsan. Céard a bhí i gceist leis na líonraí agus céard atá imithe amú? Cén chaoi a ndeachaigh sé amú? An rud a bhí i gceist ná, má bhreathnaítear ar an rud a bhí ar bun i gCluain Dolcáin, i gCarn Tóchair, in iarthar Bhéal Feirste nó in áiteanna eile cosúil le dúiche Naithí i mBaile Átha Cliath agus mar sin de, bhí obair mhór ar bun ag na pobail ach ní raibh struchtúr tógtha timpeall orthu ag an Stát.

Chomh maith leis sin, bhí mé ag breathnú ar phobail mionlaigh sa tír seo agus i Meiriceá agus áiteanna a rachfá agus gheofá rudaí amach faoi dhaoine a chas leat. Is cuimhin liom ionas a bheith orm i Milwaukee. Bhí muid ag plé le pobal áirid agus mar Aire Coimirce Sóisialaí d’iarr mé dul chuig na ceantair bochta. Daoine nár cheap mise go raibh aon teanga acu ach Béarla, go tobann fuair mé amach go raibh Spáinnis ar a dtoil acu. Bhí pobal Spáinneach atá ag tabhairt na teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus is Spáinnis a bhí acu. Níl mé ag rá nach raibh Béarla acu ach b’shin an teanga chomónta a bhí eatarthu. Bhí mé ag breathnú air seo ar fad agus ar an gcaoi go maireann teangacha taobh istigh de phobail, go mór mhór i mbailte móra nó i bpobail nach í an mórtheanga í. Níl sé ar nós croílár na Gaeltachta. Is as sin a d’fhás an smaoineamh maidir leis na líonraí.

Fadó, bhíodh daoine ag caint ar Ghaeltacht agus trialladh i mBaile Átha Cliath ar Ghaeltacht a thógáil agus chuile duine ina gcónaí ina aice le chéile. Thriail siad i mBéal Feirste é. Níl chuile duine ag iarraidh bheith ina gcónaí sa chineál teach céanna agus díreach ar an mbóthar céanna. Ní shin an chaoi a oibríonn cathracha, ach feicimid pobail Polannacha, mar shampla, sna cathracha. Bhí mise le pobal an lá faoi dheireadh agus is Urdúis ón Phacastáin a labhraíonn siad eatarthu féin. Tá Béarla den scoth acu, ar ndóigh, ach nuair a bhíonn siad ag caint eatarthu féin, is í sin a bhíonn acu. Tá go leor pobal atá ag maireachtáil mar sin. Ní hamháin sin, ach tá siad ag déanamh rud nach bhfuil muid ag déanamh. Tá siad ag tabhairt na teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Céard a bhí i gceist? An rud a bhí i gceist ná stádas líonra a bheith agat ionas go mbeadh comhpháirtíocht i gceist leis an bpobal agus an Stát. Bheadh an oiread baint ag an Stát leis an margadh - téann sé seo ar ais ag rud a bhí Brian Ó Gáibhín ag rá ar ball - agus a bheadh ag an bpobal. Chaithfeadh an pobal a chruthú go raibh pobal beo, bríomhar Gaeilge ann mar bhunchloch ach chaithfeadh an Stát ansin cinnte a dhéanamh de go raibh na hacmhainní aige ansin le naíolann a bhunú. An t-am is mó go bhfoghlaimíonn gasúir aon teanga nó ó náid go dhá bhliain d’aois. Éinne a bhreathnaíonn ar ghasúir ag fás aníos, thuigfeadh siad mar a shealbhaíonn gasúir teanga sna blianta sin. Ní fheiceann gasúir fadhb ar bith le dhá nó trí theanga a fhoghlaim ag an am céanna. Dá mhéid is a théimid in aois, is deacra dúinn teanga nua a fhoghlaim. Tagraím de naíolann, naíonra, bunscoil, meánscoil agus go mbeadh siad sin i chuile cheann de na pobail a thabharfaí stádas líonra dó. Mura mbeadh sé ann, chaithfí an Stát é a chur ann.

An rud a bhí i gceist freisin ná go gcaithfeadh an pobal a bheith sásta iarchúram scoile a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh grúpaí tuismitheoirí, clubanna óige and clubanna spóirt aige. Bhí mé an-tógtha ariamh leis an obair atá ar bun ag Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath agus tá a leithéidí sin i mBéal Feirste freisin. Is eiseamláir iad sin don rud a bhí i gceist againn. Ba chóir clubanna squash nó aon chlub eile go bhféadfaí a eagrú a chur ar fáil. Is cuimhin liom féin fada an lá ó shin gur chuir mé club snámha ar bun do Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath. Mar sin, d’fhéadfadh an pobal – daoine fásta agus óga - taobh amuigh den scoil, a bheith le cairde agus ghnáthrudaí a dhéanamh a dhéanann chuile dhuine, seachas a bheith ag caint faoin nGaeilge i nGaeilge. Bheadh siad ag déanamh gnáthrudaí agus an Ghaeilge ar bun acu.

Ní raibh an Teachta Ó Muineacháin anseo ag an am sílim ach bhí an Cathaoirleach agus mé féin ann in 2012 nuair a tháinig Acht na Gaeltachta i bhfeidhm. Chonaic muid ag an am go raibh an rud a bhí in Acht na Gaeltachta, 2012, lag, gan bhrí agus gan aon infheistíocht Stáit. Tá mé cinnte go gcuimhníonn an Cathaoirleach air seo. Dúradh go mbeadh Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála den Bhille déanta in aon mhaidin amháin agus nach bhféadfaí aon rud a athrú. Trí chantal, d’éirigh linn gur ina luí ar chuile Theachta Dála sa bhFreasúra – cuid acu nach raibh focal Gaeilge acu – siúl amach as an Dáil agus gan páirt a ghlacadh sa díospóireacht so bhí an tAire fágtha ag argóint leis féin. Bhímid chomh coipí sin faoi mar ba léir nach raibh fís, plean, maoiniú nó rud ar bith ag teacht leis an Bille.

Rud amháin a d’fhág mé as an áireamh agus rud a bhí lárnach don phlean seo ná gur theastaigh uainn go mbeadh lárionad Gaeilge – tá ceann i gCluain Dolcáin ag dul i bhfad siar roimhe seo – do phobal ina mbeadh áit cruinnithe, áit caife agus áit buaileadh isteach ann. Tá scéimeanna ar nós an clár seirbhísí pobal a bhféadfaí a úsáid le n-íoc as an bhfoirgneamh le go mbeadh áit ag Gaeilgeoirí casadh le chéile. Ní ag caint faoin nGaeilge a mbeadh siad ach ag déanamh cibé rud a dhéanann daoine trí chaidreamh. Is é sin a bhí i gceist. Bheadh spéis agam fáil amach an b’shin atá ag na líonraí. Dá ndéanfadh mé liosta amach de na rudaí atá ráite agam anseo - go mór mhór ó Dheas; tiocfaidh mé go dtí an Tuaisceart i gceann soicind – cé mhéid de na rudaí sin atá ag chuile líonra sa tír? Dá ndéanfadh mé liosta, an mbeadh naíolann, naíonra, bunscoil, meánscoil, cúram iarscoile, grúpa tuismitheoirí, clubanna óige, clubanna spóirt agus lár-ionad acu? Is rudaí bunúsacha iad sin agus tá mé cinnte go bhfuil rudaí dearmadta agam. Bhí sé i gceist go mbeadh liosta de rudaí a chaitheadh a bheith ag líonra laistigh, abair, de chúig bliana, le go bhaineadh agus go gcoinneodh sé stádas. Chaitheadh an Stát an infheistíocht chaipitil a dhéanamh. Chaitheadh an pobal an infheistíocht deonach nó infheistíocht ó thaobh dearcaidh a dhéanamh agus a dhéanamh cinnte dá bhfaighidís na rudaí seo ar fad go bhfanfaí leas astu. B’shin an margadh a bhí le bheith ann. Dá mbeadh a leithéid de chur chuige ann, a bheadh i bhfad níos láidre ná mar atá anois, an gcuideodh sé go mór le rudaí? Bheadh spéis agam é sin a fháil amach. An mbainfí an sprioc amach an Ghaeilge a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile mar ghnáththeanga taobh amuigh den scoil agus go mbeadh sé ag gasúir ón gcliabháin go dtí chomh fada agus is féidir? An dara rud ná an cheart dúinn bheith ag dul i ndiaidh cur chuige níos críochnúla agus níos iomláine ná an cur chuige atá ann i láthair na huaire?

Maidir leis an Tuaisceart, tá fadhb leis an bhforas agus tá sé pléite anseo go minic. Tá cothromas idir an t-airgead agus mar sin táimid srianta leis an méid acmhainní atá ó Thuaidh, sé sin, má chuirimid airgead trí an bhforas. Ach leis an Ulster Scots agus leis an nGaeilge, cuireadh airgead díreach isteach ón Rialtas anseo i rudaí ó Thuaidh. Níor baineadh leas as an bhforas mar is foras Thuaidh-Theas é sin. Rinne muid é ar son na teanga agus ar son ár bpobail. Chuireamar airgead ar fáil i Meiriceá agus ar fud an domhain – Bonn agus go leor áiteacha eile – so níl aon fhadhb dhlíthiúil ann. Caithfimid breathnú air sin agus a bheith níos gníomhaí tríd an shared island fund nó ciste éigin. Tá na cistí ann agus tá siad cruthaithe ag Rialtas na hÉireann. Leis an shared island fund, is féidir rud ar bith a dhéanamh má theastaíonn uait. Maidir leis an Deisceart, aon rud nach bhfuil d'acmhainn ag an bhforas a dhéanamh, is féidir leis an Rialtas é a dhéanamh go héasca. Ní aon fhadhb ag an Rialtas agus bhí moltaí istigh sa straitéis ar cén chaoi a bhféadfaí é a dhéanamh gan anró.

Tá brón orm ach cheap mé go mbeadh sé b’fhéidir úsáideach dá mhíneodh mé cé as a tháinig sé seo, céard a bhí ceaptha a bheith ann, agus ansin go ndéarfadh na finnéithe cé mhéid de sin atá ann agus go leagfaí amach rud i bhfad níos cinntí go gcuideodh sé leis an gcéad líonra eile a thiocfaidh an bealach agus leis na líonraí seo le héileamh a dhéanamh na bearnaí ar fad atá ann a líonadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.