Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin:
Chuala muid go leor daoine ag caint ar fhís inniu. Is rud mór atá in easnamh é sin, mar aon le cur chuige comhtháite nuair a phléitear le ceist na Gaeilge, bíodh sin ag comhairle áitiúil nó ag an Rialtas. Bíonn an claonadh ann ceisteanna Gaeilge a bhogadh amach chugainn trasna anseo. Ansin, nuair a phléitear ceisteanna eacnamaíochta, sláinte nó oideachais, ní aithnítear go bhfuil baint acu siúd leis an Ghaeilge. Feicfimid é seo go minic i dTeach Laighean. An chorruair nuair atá an Ghaeilge faoi chaibidil, bíonn na binsí folamh. Bíonn cúpla Teachta anseo agus ansiúd ag caint. Tá rud éigin bunúsach cearr maidir le ceannach isteach san fhís náisiúnta ag an leibhéal polaitiúil. An bhfuil fís ann?
Tá sampla againn de rudaí atá ag obair. Luaigh mé cúpla sampla ansin. I dTír na mBascach, tá ceantar ann darb ainm Tolosa. In 1985, bhí Bascais ar a dtoil ag 29% den phobal. Sa lá atá inniu ann, tá sí ar a dtoil ag 53% den daonra. Is áit é sin inar oibrigh rudaí. Samhlaigh dá mba rud é go raibh muid ag amharc ar Mhúscraí in iarthar Chorcaí, mar shampla, agus ar na ceachtanna gur féidir le Múscraí a fhoghlaim ón gceantar seo i dTír na mBascach. An bhfuil duine ar bith ag amharc air sin? An bhfuil sé faoi na hoifigigh phleanála teanga amharc air seo gan an tacaíocht chuí?
Luaigh muid an Bhreatain Bheag agus an straitéis atá aici, Cymraeg 2050, ina bhfuil sí ag iarraidh go mbeidh 1 milliún cainteoir Breatnaise ann. Cén fáth nach féidir linn fís uaillmhianach mar sin a bheith againn? Táimid ag caint ar thionól a bhfuil cumhachtaí teoranta aige sa Bhreatain Bheag. Is stát neamhspleách í Éire. Tá i bhfad níos mó cumhachta ag an Pharlaimint anseo i mBaile Átha Cliath ná mar atá ag an Senedd sa Bhreatain Bheag ach tá an Senedd ag úsáid an chumhacht atá aige ar bhealach i bhfad Éireann níos éifeachtaí ná mar atá muidne.
Luaigh an Teachta Gould nach raibh na deiseanna céanna aige agus go raibh sé ag iarraidh na deiseanna sin a thabhairt dá pháistí. Tagann sé sin arís le ceist an oideachais. Cén fáth nach bhfuil muid ag amharc go mbeidh 50% de pháistí na tíre seo ag fáil oideachas go hiomlán trí mheán na Gaeilge faoi bhliain áirithe? Léiríonn gach pobalbhreith gur mhaith leis an phobal é sin. Is é an rud atá cearr ná an easpa deiseanna. Cé go bhfuil muid ag caint ar dhlínse dhifriúil anseo, tá clú ar cé chomh láidir atá an Ghaeilge sa cheantar seo againne in iarthar Bhéal Feirste, ach níl ach 7% nó 8% de na páistí ar scoil ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge in ainneoin cé chomh láidir atá sí. Sa scoil a bhfuil mé féin mar chathaoirleach uirthi, táimid ag diúltú go leor páistí bliain i ndiaidh bliana. Is daoine iad seo atá caillte go deo don earnáil Ghaeloideachas, don ghluaiseacht agus don teanga. Tá gach seans ann nach mbeidh an deis acu. Is tragóid é sin.
Más mian linn freastal ar na páistí sin, tá dualgas orainn, mar phobal, dul amach agus scoil a bhunú. Cén fáth nach bhfuil an Stát ag glacadh an dualgais sin mar a tharlaíonn sa Bhreatain Bheag? Cén fáth nach bhfuil an Stát ag rá gur mhaith leis go mbeadh an teanga seo ar ais mar theanga labhartha phobail agus, ag bogadh siar ó shin, ag déanamh cinnte go bhfuil na hacmhainní cuí ag leibhéal an oideachais, go bhfuil fórsaí eacnamaíochta ag plé leis seo, maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht, mar shampla, agus go bhfuil na hacmhainní cuí ag na líonraí Gaeilge agus eile? Dá mbeadh an Stát dáiríre, is iad sin na cineálacha comhráite a bheadh á dhéanamh aige seachas an comhrá seo ar an imeall faoi seo, siúd agus eile agus a bheith ag tarmligean a chuid dualgas do cheantair agus do choistí deonacha gan na huirlisí cuí a thabhairt dóibh chun an obair a dhéanamh i gceart.
No comments