Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Micheál Ó Mainín:
Gabhaim buíochas as an gceist. Go bunúsach, tá mise ag trial seirbhísí agus chuile rud mar sin a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i mBaile Locha Riach. Mar is eol do bhaill an choiste, tá sé mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeidh 20% den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030. Anois, ní cheapfainn go mbeimid in ann an sprioc sin a bhaint amach in oirthear na Gaillimhe mar níl an bord oideachais ag cur ranganna ar fáil in aon áit. Mo leithscéal, níl sé sin fíor. Tá trí rang á gcur ar fáil i nGaeltacht Chonamara agus ceann amháin i gcathair na Gaillimhe. Tá na boird oideachais ann chun cur leis an méid scileanna atá ag daoine cheana féin. Níl deis ag muintir oirthear na Gaillimhe é sin a dhéanamh. Is féidir leis an mbord oideachais ranganna a chur ar fáil do dhaoine fásta ag chuile leibhéil sa chaoi go mbeadh siad in ann cur lena gcuid scileanna Gaeilge. Chomh maith leis sin, is féidir leo comhoibriú le Roinn na leanaí nó an Roinn Oideachais chun cúrsaí faoi thumoideachas na Gaeilge a chur ar fáil d'earnáil na leathbhlianta freisin. Tá mé cinnte go bhfuil éileamh ann.
I gcás Baile Locha Riach, tá éileamh ar ranganna do ghlantosaitheoirí. Tá muidne ag cur ranganna ar fáil ach táimid teoranta ó thaobh maoinithe agus chuile rud de so ní féidir linn freastal ar an líon daoine atá ar an liosta atá againn. Chomh maith leis sin, bheadh sé iontach dá mbeadh na boird sásta ranganna a chur ar fáil do theifigh atá tar éis teacht isteach sa tír. Chonaic mé ar an suíomh Idirlín atá acu nach bhfuil siad ach ag cur ranganna Béarla ar fáil. Tar éis a bheith ag caint le fear as Conamara an tseachtain seo caite atá ag obair san earnáil Gaeilge, tuigim go bhfuil teifigh tar éis teacht go Carna agus nach bhfuil ach Gaeilge agus Úcráinis ag na gasúir.
No comments