Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Domhnall Ó Loingsigh:

Bhíomar ag rá roimh an gcruinniú gurb é seo an chéad uair ó bunaíodh an Stát gur tugadh faoi phlean a fhorbairt don Ghaeilge ar bhonn tomhaiste, réamhshocraithe agus pleanáilte agus an plean sin bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus anailís atá réitithe go háitiúil ag na grúpaí a chuir na pleananna líonraí Gaeilge le chéile, ach ní dóigh liom go bhfuilimid réidh go dtí sin. Níl an Stát réidh fós mar, chun go mbeidh éifeacht agus tionchar ag na bailte líonra Gaeilge, tá gá le foireann agus daonchumhacht bhreise a chur ar fáil agus le scileanna speisialta a fhostú chun an ceangal a dhéanamh idir an fhorbairt teanga, an fhorbairt ghnó agus an fhorbairt eacnamaíochta, go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl aon aghaidh tugtha ar an gceist sin fós. Tá difríocht ollmhór idir forbairt teanga, forbairt eacnamaíochta agus forbairt phobail taobh amuigh den Ghaeltacht. Caithfear iad sin a chomhtháthú ar dtús. Is gá go mbeadh oiliúint ar leith i bpleanáil teanga á cur ar fáil ag leibhéal céime chun go mbeadh fáil ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta atá amuigh ansin agus nach bhfuil an Stát ag tabhairt aire, aghaidh ná aitheantas dó. Tá sé seo ag tarlú i dtíortha taobh amuigh den tír seo. Níl muid ag leanúint an dea-chleachtas atá amuigh ansin. Ba chóir go mbeadh na daoine sin ag feidhmiú ag gach leibhéal sa phobal, ón réamhscolaíocht go dtí an scolaíocht agus leibhéal na ndaoine fásta, is é sin, ón gcliabhán ar aghaidh. Tá sé in am don Stát dúiseacht agus an cheannaireacht atá ag teastáil - agus tá sí ag teastáil mar níl sí ann - a chur ar fáil nó ní bheidh rath ar an infheistíocht atá déanta go dtí seo. Ní leor í, ach is tús í an infheistíocht seo ach ní bheidh feidhm ná toradh uirthi muna ndéantar i gceart í.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.