Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siobhain Grogan:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist sin. Luaigh mé níos luaithe gur foilsíodh an chéad phlean in 2019. B’é ár dara phlean don chontae. Beimid ag obair ar phlean do cheantar líonra Nás na Ríogh agus Sult na Sollán nuair a fhaighimid an solas glas chun tabhairt faoi sin. Tar éis an tsamhraidh, foilseoidh Contae Chill Dara plean seacht mbliana agus beidh rannóg sa phlean sin ag na pobail i ngach ceantar bardasach. Ón am a sheolamar an plean teanga in 2019, tá cúig grúpa pobal ann. Bhí Sult na Sollán ar an bhfód roimhe sin. Tá sé sin fós ann ag obair i Nás na Ríogh ach thart ar bhliain tar éis foilsiú an chéad phlean tháinig Glór an Churraigh agus Gaeilge Nuada ar an bhfód. Bíonn Glór an Churraigh ag freastal ar Bhaile Chill Dara agus Droichead Nua agus is ceantar Mhaigh Nuad atá i gceist le Gaeilge Nuada. Do Léim an Bhradáin agus Chill Droichid, tháinig Gaeilge an Bhradáin le chéile mar ghrúpa pobail. Tháinig Gaeilge Cois Bhearú, grúpa atá i mBaile Átha Í ar an bhfód anuraidh. An plean atá ann ná go mbeidh grúpa pobail ag feidhmiú i ngach áit sa chontae ionas go mbeidh na deiseanna ann. Feidhmímid mar chontae. Mar shampla, tá Teaghlaigh Chill Dara ann mar ghrúpa le cabhrú agus tacú le tuismitheoirí agus páistí ach feidhmímid mar ghrúpa don chontae. Arís, tá Gnó Chill Dara ann a fheidhmíonn mar ghrúpa don chontae. Is féidir le haon ghnó sa chontae atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn teagmháil a dhéanamh le Sarah Walsh agus cabhraíonn sí leo. Bíonn rudaí ar nós na ciorcail comhrá agus ócáidí scéalaíochta do leanaí níos áitiúla de ghnáth. Mar shampla, i Nás na Ríogh amháin, tá trí ciorcal comhrá ar siúl gach uile seachtain. Luaigh an Teachta deiseanna cainte. Is é sin an rud. D'fhás mé aníos i Nás na Ríogh. Níor chuala mé focal Gaeilge agus mé ag fás aníos ach má siúlaimse síos an bóthar anois, tá seans níos mó ann go labhródh duine i nGaeilge liom ná i mBéarla. Seo i Nás na Ríogh, i gcontae Chill Dara. Níl sé gar do Ghaeltacht ach tá aithne ag pobal na Gaeilge ar a chéile anois agus is é sin an rud. Má tá tú ag stad an bhus agus má tá strainséir ann, de ghnáth labhraíonn tú i mBéarla leo mar is é sin an default atá againn. Ach anois, toisc na deiseanna labhartha ansin, má aithníonn tú duine éigin agus deireann tú leat féin go bhfaca tú iad in áit éigin, bíonn a fhios agat go bhfuil Gaeilge aige nó aici. B'fhéidir nach bhfuil a fhios agat cé hé nó hí ach bíonn a fhios agat go bhfuil Gaeilge acu.
Foilseofar an plean am éigin tar éis an tsamhraidh ach an rud atá ann ná pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile agus iad a spreagadh. Nuair a thagann muid le chéile mar seo, téimid abhaile agus muid spreagtha. Luaigh mé go ndeachaigh muid go Carn Tóchair ach bhí teagmháil againn le Ciarán Mac Giolla Bhéin agus chuamar go dtí Aras Chrónáin i gCluain Dolcáin freisin. Labhair Dónal Ó hAiniféin linn blianta ó shin nuair a bhíomar ag tosnú amach mar Chill Dara le Gaeilge. Tá na naisc ann cheana féin. Níl muid mar chuid den líonra go fóill ach beimid in ann a bheith, cosúil le muintir Chorcaigh. Más féidir rud mar sin a dhéanamh i gContae Chill Dara, is féidir é a dhéanamh in áit ar bith.
No comments