Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Dónal Ó hAiniféin:
Ó thaobh na hInse de, ba cheart go mbeadh ionad na Gaelainne ag aon líonra - ionad atá buan, oscailte agus ar fáil don phobal. Ba cheart go mbeadh raon tacaíochtaí ar fáil don líonra sin. Tógfaidh mé réimse eile mar shampla. Má táimid ag caint ar chúrsaí óige, clubanna óige agus imeachtaí óige i réimse na healaíne agus mar sin de, táimid ag caint ar oifigigh óige agus oifigigh ealaíne a bheith ar fáil chun deiseanna úsáide teanga i dtaobh cúrsaí drámaíochta, spóirt, ceoil agus gach uile rud a bhaineann leis an saol - ná fágtar aon rud as an áireamh - a thabhairt do dhaltaí agus do dhaoine óga sa bhunscoil, san iarbhunscoil agus fiú más lucht na hollscoile iad ionas go mbeidís páirteach. Tá sé ríthábhachtach na deiseanna a thabhairt don ghlúin sin a théann ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Chuige sin, faraor, is gá maoiniú. Ní féidir a bheith ag brath ormsa, ar Dhomhnall Ó Loingsigh, ar Thómas de Buitléir, ar Sheán Ó Laoi agus ar dhaoine deonacha eile chun é seo a dhéanamh oíche i ndiaidh oíche. Bhí ár gclub óige againn aréir. Beidh club óige eile oíche Dé hAoine againn.
Ní féidir a bheith ag brath ar dhaoine deonacha é sin a dhéanamh go leanúnach. Is gá suite tacaíochtaí a chur ar fáil agus ionad aitheanta a bheith ar fáil do na líonraí sin le go mbeidh deis ag dreamanna eile féachaint ar an gcéim chun cinn ansin, go gcuidíonn stádas líonra agus go mbeidh A, B, C, D, E agus F, is é sin, tacaíochtaí breise ag gach uile leibhéal, ar fáil dóibh dá mbeadh an stádas seo acu.
Táim tar éis cúrsaí óige a luath. Tá an t-uafás rudaí ag tarlú i ngach líonra. Ní fhéadfadh Ciarán Mac Giolla Bhéin ná éinne eile cur síos a dhéanamh ar an raon imeachtaí atá ar siúl gach uile lá. Éiríonn daoine atá ag obair go deonach le 20, 30 nó, i gcás cuid acu, 40 bliain an-traochta. Is gá dúinn tacaíochtaí agus acmhainní daonna breise a bheith againn, is é sin, maoiniú i bhfoirm daoine daonna a bheith ar fáil agus ag obair go dlúth san obair sin.
No comments