Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Seán Ó Laoi:
Níl i ndáiríre. An tuiscint a bhí agamsa ná, nuair a bheadh an fhoireann líonta isteach againn chun cur isteach ar an maoiniú, abraímis in 2023, go mbeadh an maoiniú ar fáil agus go rabhamar tar éis an rud ceart a dhéanamh. Ghlacamar sos, fuaireamar comhairle agus líonamar isteach an fhoirm. Bhíomar beagáinín déanach, mar is eol don choiste. B'fhéidir go bhfuil míthuiscint maidir leis an seasamh oifigiúil a bhí ag cuid de na daoine a cuireadh le Gael-Taca, ach fuaireamar cabhair ón gcomhairle cathrach, ó Chomhairle Contae Chorcaí, ón ollscoil agus ó Ghlór na nGael. Bhíomar cuíosach dóchasach go rabhamar tar éis an fhoirm a líonadh isteach sa tslí cheart agus an maoiniú á lorg againn. Níor tháinig aon scéal agus ansin fuaireamar amach nach mbeadh aon mhaoiniú againn. Chuir sé sin as dom. Bhíos ag rá liom féin go rabhamar tar éis an obair a bhí ag teastáil a dhéanamh.
Maidir le ceist an rialachais, baineann sé si leis na seanlaethanta go bhfios dom. Tarlaíonn nithe éagsúla i ngach club agus cumann, mar is eol don choiste. Níl fhios agam cad atá ar bun ach níl éinne tar éis labhairt liomsa sa tslí cheart mar gheall air seo. Mar a dúirt an Cathaoirleach ó chianaibh, measaim gur ceart domsa bheith cáiréiseach anseo ach ní thuigim é seo. Ba cheart do dhuine éigin labhairt linn.
Tá muidne go léir anseo ar son na teangan agus an oideachais, dar liomsa. Ní dóigh liom go bhfuil aon dream eile i gCorcaigh cosúil le Gael-Taca. Mar a dúirt mo chara, an Teachta Thomas Gould, le déanaí, cén dream eile atá ann? Táim ag obair san ollscoil agus níl fhios agam cad atá ar siúl. B'fhearr liom go mbeidís macánta agus is féidir linn labhairt leo, ach táimid ag súil le scéal ceart. Ní rabhthas sásta le ríomhphost in aon chor ach sin an méid a bheadh le rá agam mar gheall air sin.
No comments