Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé

Mr. Cormac McCashin:

A chairde, tá mé ag labhairt libh mar chathaoirleach ar Ghaelscoil na Mí, an ceann is mó de dhá Ghaelscoil i gCill Dhéagláin, baile atá deich nóiméad ón M50. Is ceantar mór fáis é oirdheisceart na Mí agus tá eastáit mhóra tithíochta á dtógáil go leanúnach ann. Bhí an ceantar ar cheann de bheagán áiteanna sa tír ina raibh gá aitheanta le bunscoil nua agus le meánscoil nua le deich mbliana anuas. Is scoileanna meán-Bhéarla a bhí bunaithe, faraor. Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht sa cheantar seo agus is meon dearfach atá ag an bpobal uirthi. Tá trí Ghaelscoil eile taobh istigh de 20 nóiméad ó Ghaelscoil na Mí: Gaelscoil na Cille, Gaelscoil na Ríthe agus Gaelscoil Thulach na nÓg. Tá 1,200 áit scoile iontu san iomlán. Tá breis ag 1,100 páiste ag freastal ar an gceithre scoil faoi láthair ach tá an ráta aistrithe go Gaelcholáistí gar do náid.

Maidir leis na fadhbanna atá ann, sílim gurb í an bhunfhadhb ná go bhfuil an Stát, a bhfuil sé mar aidhm aige an líon cainteoirí Gaeilge a fhás tríd an nGaelscolaíocht, ag cur bac orainn scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú. Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú de spriocanna agus seasamh an Stáit leis an easpa gnímh i leith na Gaelscolaíochta.

An t-aon áit go mbeidh scoil lán-Ghaeilge nua ag oscailt i mbliana ná in oirthear Bhéal Feirste. Is iontach an rud é go mbeidh an pobal sin ag baint leasa as an nGaelscolaíocht don chéad uair. Cé gur rud dearfach é seo, mothaím gur údar náire atá ann go bhfuil an Stát ag tabhairt maoinithe do bhunú Gaelscoile lasmuigh den Stát ach ag cur bac ar a leithéid laistigh den Stát féin.

Ní córas oideachais aon chéim amháin atá againn agus bíonn nasc ann ó scoil go scoil. Cuireann an easpa Gaelcholáiste isteach ar an éileamh ar na Gaelscoileanna agus ar na naíonraí sa cheantar. Tá ráite ag tuismitheoirí linn nach fiú an tairbhe an trioblóid naíonra ná Gaelscoil a roghnú má tá an páiste ag dul an Ghaeilge a chailliúint ag an meánleibhéal.

Ritheadh comórtas pátrúnachta i nDún Seachlainn chun meánscoil nua a bhunú in 2021. Tá Gaelscoil na Ríthe suite ansin i measc roinnt scoileanna meán-Bhéarla. Rinne an Roinn Oideachais neamhaird ar an mbreis agus 1,000 dalta Gaelscoile sa mhórcheantar agus ar an gcaoi gur scoileanna meán-Bhéarla a bhí i 100% de na scoileanna reatha. Níor tugadh aon seans do thuismitheoirí sa trí Ghaelscoil eile mórthimpeall ar Dhún Seachlainn tacú le Gaelcholáiste a bhunú. Mar sin, caitheadh níos mó vótaí d’oideachas trí Bhéarla agus cheadaigh an t-Aire meánscoil mheán-Bhéarla eile ar mholadh na Roinne. Is léir nach bhfuil oifigigh na Roinne buartha faoin rud ceart a dhéanamh seachas rudaí a dhéanamh i gceart. Tá aon sprioc faoin nGaeilge fágtha ar an gcloch is faide siar cé go dtuigeann siad go bhfuil ag teip orthu spriocanna an Stáit a bhaint amach.

Is Gaelscoil ilchreidmheach agus ionchuimsitheach í Gaelscoil na Mí. Tá daltaí ó gach cearn den domhan ag freastal ar an scoil agus táimid ag súil leis an dara rang uathachais a bhunú an bhliain seo chugainn. Ach nuair atá ár ndaltaí ag fágáil rang a sé, níl aon Ghaelcholáiste ann dóibh. Go stairiúil, bhíodh roinnt de na daltaí ón nGaelscoil seanbhunaithe, Gaelscoil na Cille, ag taisteal chomh fada le Scoil Chaitríona i nGlas Naíon. Ní rogha é sin dár ndaltaí leis an ró-éileamh ar an scoil sin anois. Tá stair uathúil ag Gaelscoil na Mí. Nuair a dhiúltaigh an Stát tacú le bunú na scoile in 2011, rinne na tuismitheoirí agus na heagrais cinneadh an scoil a bhunú neamhspleách ón Stát. D’éirigh leo agus tugadh aitheantas don scoil níos déanaí. Tá an fhadhb chéanna againn 13 bliana ar aghaidh. Is trua liom é ach leis an easpa gnímh ón Rialtas agus ón Roinn, cé go bhfuil a mhalairt mar pholasaí acu, tá rudaí ag bogadh i dtreo iad a náiriú arís agus Gaelcholáiste a bhunú neamhspleách ón Stát.

Molaimid go dtabharfaí próiseas isteach chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú; go mbeadh ceart dlíthiúil ag duine ar oideachas lán-Ghaeilge; agus go mbeadh dualgas reachtúil ann maidir leis an líon scoileanna lán-Ghaeilge a ardú.

Mar chríoch, tá an Stát tar éis infheistiú a dhéanamh sa cheantar seo ag an mbunleibhéal. Beidh 1,200 dalta sna Gaelscoileanna go luath. Cén luach ar an infheistíocht atá ann má tá na daltaí ag dul a gcumais sa Ghaeilge a chailliúint sa mheánscoil? Tá an daonra ag fás gan stad sa cheantar, ach is síneadh agus síneadh eile ar na meánscoileanna Béarla a cheadaíonn an Roinn Oideachais, seachas Gaelcholáiste nua a cheadú. Cé atá ag coinneáil na státseirbhísigh sa Roinn cuntasach agus polasaithe an Stáit agus an Rialtais á gcaitheamh sa bhruscar? In oirdheisceart Contae na Mí, tá na huimhreacha againn a shásaíonn aon chritéar a úsáideadh riamh Gaelcholáiste nua a bhunú. Ná glacaimis le leithscéalta an Aire agus na Roinne a thuilleadh.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis ionadaíocht a dhéanamh ar son an fheachtais in oirdheisceart na Mí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.