Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá brón orm. Tá loads of ceisteanna agam. Níl an oiread sin agam mar bhí na finnéithe an-soiléir sna cuir i láthair a bhí acu. Tuigim na fadhbanna. Tá mé tar éis déileáil leis na finnéithe ar fad ó thaobh ceisteanna ar na fadhbanna agus conas cur chuige a dhéanamh le scoil a bhunú i gceantar, fiú in áiteanna nach bhfuil aon cheann i scoil cheantar. Tá an feachtas fós ann i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Tá siad fós ag lorg. Bhí suíomhanna ann agus beidh suíomhanna ann ach níl an cur chuige ag teacht ón Rialtas agus ón Roinn ach go háirithe mar tá fadhb bhunúsach ann. Tá siad ag caint faoi 50,000 duine breise a bheith ina gcónaí sa cheantar sin roimh 2050 agus fós níl aon phlean ann ó thaobh na Gaeilge de. Is dhá scoil cheantar atá i gceist nach bhfuil Gaelscoil iontu agus níl aon duine ag déanamh aon stocaireachta seachas na Gaeilgeoirí agus na díograisí ó na tuismitheoirí. Níl an Stát ag déanamh aon rud chun éileamh a chothú, gan trácht ar an éileamh a shásamh, agus is é sin ceann de na hobbyhorses atá agamsa. Tá sé ann i gcónaí. Deir an Rialtas, má tá éileamh ann, go ndéanfaidh sé é a shásamh ach ní dhéanann sé fiú sin. Measaim go bhfuil dualgas breise air dul amach agus an t-éileamh sin a chothú.

Ó thaobh dúbailt a dhéanamh ar líon na ndaltaí a bheith sa scoileanna, chuir mé an cheist sin i rith na seachtaine ar an Aire nó pé duine a scríobh an fhreagra di, agus bhí neamhaird iomlán ar an gceist. Déanadh trácht ar gach uile rud eile faoi pholasaí agus polasaí eile seachas ar an gceist a cuireadh, is é sin, cá bhfuil an Roinn maidir leis an bplean agus an polasaí sin a bhí curtha sa phlean Rialtais.

Ag an staid seo, caithfidh mé críoch a chur leis an gcruinniú. D’fhéadfadh muid a bheith anseo cúpla uair an chloig eile. Tá muid ar fad ar bís ag fanacht ar an bpolasaí nua seo agus fiú torthaí an chomhairliúcháin, is é sin, na comhairliúcháin difriúla agus na tuairiscí difriúla chun gur féidir linn ar fad, na finnéithe san áireamh, cur leis an sórt éilimh atá againn amach anseo.

Is é an rud atá i gceist leis an sraith cruinnithe seo ná go mbeidh, ag deireadh na sraithe seo, an tAire Oideachais, an Teachta Foley, os comhair an choiste, go mbeidh muid in ann na ceisteanna a d’ardaigh na finnéithe sna cuir i láthair a bhí acu, agus na ceisteanna a ardaíonn Teachtaí eile idir seo agus an tAire ag teacht os comhair an choiste, a chur díreach go dtí an Aire agus go mbeidh go leor ama aici iad ar fad a fhreagairt ar an lá sin.

Tá sé i gceist againn, mar chuid de seo, díriú isteach ar cheisteanna níos comhionainne, ceisteanna bunscolaíochta agus ollscolaíochta sa tsraith. Tá súil againn go mbeidh tuairisc againn go luath tar éis an tsamhraidh. Tá sraith trí, ceithre nó cúig chruinniú leagtha amach go dtí seo. B'fhéidir go mbeidh níos mó ann sula gcríochnófar leis an tsraith sin roimh an samhradh. Measaim go raibh sé i gceist ag an Aire bheith linnag deireadh mhí an Mheithimh. Leis sin ráite, cuirfidh mé an cruinniú seo ar fionraí go dtí 3.15 p.m., nuair a bheidh an dara seisiún againn ar cheist na nGaelcholáistí i gCaisleán an Bharraigh, Cloich na Coillte, an Tulach Mhór agus Cill Dhéagláin. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.