Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

In 2006, d'fhoilsigh an Rialtas ráiteas i leith na Gaeilge. Rud atá ráite ann go soiléir ná go gcuirfear "oideachas lán Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí / a gcaomhnóirí é." Tá an rud a bhí geallta simplí. Tuigim an t-éileamh gearrthéarmach ach tá fadhb chórasach anseo, de réir mar a thuigim, nach bhfuil ag teacht leis seo. Níor chuala mé riamh aon Rialtas ag rá gur athraigh sé an polasaí sin. Go deimhin féin, deimhníodh é sa straitéis 20 bliain. An polasaí atá ann faoi láthair ná aon scoil nua a bhunaítear, bíonn comórtas idir gasúir in ionad fáil amach an bhfuil dóthain gasúr le Gaeilge ann atá ag iarraidh oideachas le Gaeilge agus má tá, an bhfuil scoil ar fáil dóibh agus mura bhfuil, an gcuirfear scoil ar fáil dóibh. Baineann an rud céanna leis an meánscolaíocht. Tá polasaí nua ag teastáil. Tá sé simplí. Tá mé tinn tuirseach chuile uair a chloisim go bhfuil polasaí mór nua ag teacht amach, deirim “bhuel, sin bealach le cinntiú nach dtarlóidh tada i dtréimhse an Rialtais seo". Go maithe Dia dom é ach deirim liom féin go dtógfaidh sé trí nó ceithre bliana ansin dul tríd na rúibricí ar fad a bhíonn i gceist le ceapadh polasaí agus go minic, nuair a fhoilsítear é, ní bhíonn ann ach copy and paste.

Is dóigh liom go pearsanta, agus is tuairim na bhfinnéithe é, go dteastaíonn ráiteas neamhbhalbh. Má tá éileamh áirithe ann, b'fhéidir ó 300 scoláire nó cibé figiúr i gcás meánscoile - b'fhéidir go gcuirfeadh na finnéithe figiúr air - nó ó fhigiúr áirithe i gcás bunscoile, bunaithe ar an ráiteas sin, ba cheart freastal ar an éileamh sin laistigh de cheantar réasúnta. Ní féidir le daoine a bheith ag taisteal rófhada le hoideachas a fháil.

Maidir leis an réamhscolaíocht, naíolanna agus naíonraí, ba cheart mír faoi leith a bheith ag an gcoiste ag déileáil leis an gceist áirithe sin. Ní léir domsa go n-aithníonn an Roinn leanaí aon dualgas i leith na Gaeilge do ghasúir na tíre i gcoitinne. Tá sé seo ardaithe sa Dáil agam míle uair. Níl aon chúis nach mbeadh físeáin bheaga á dtaispeáint nó rannta beaga á rá i ngach uile naíonra sa tír. Tá go leor leabhar beaga ina bhfuil rannta beaga agus amhráin bheaga. Ba chóir go ndéanfar é sin do chuile ghasúr sa tír, is cuma cárb as iad. Ar ndóigh, ba cheart go mbeadh soláthar naíolann ann. Ba cheart go dtiocfadh sé seo mar chéatadán d'airgead na Roinne leanaí. Ba chóir go mbeadh sé príomhshruthaithe, má thuigeann na finnéithe an rud atá i gceist agam, seachas mar mhír faoi leith ar an leataobh. Tá an rud céanna i gceist maidir leis an ECCE, na naíonraí mar a thugann muid orthu i nGaeilge. Ba cheart go mbeadh an soláthar céanna ann agus go mbeadh polasaí réamhoideachais ann idir ECCE agus naíolanna a dhéanfadh soláthar ar dhaoine ar mhian leo go mbeadh sé seo rite trí Ghaeilge. Is mór an dúshlán é sin i ngach uile chathair agus i ngach uile áit sa tír. Tá go leor scoileanna lán-Ghaelach istigh i gcathair Bhaile Átha Cliath ach níl na naíolanna ná na naíonraí ann. Creidim gur mar sin atá. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh naíolanna agus naíonraí nua ar aon suíomh gur féidir i mbunscoileanna na tíre.

Cad iad tuairimí na bhfinnéithe ar na ceisteanna sin? Idir an dá linn, cuirfimid leis an troid ceann ar cheann ar na scoileanna a luaigh siad ach ní freagra na ceiste é sin. Tá an iomarca troda le rud bunúsach a bhaint amach. Is polasaí soiléir simplí a thiocfadh i líne le geallúint an Rialtais agus nach gcuirfear ar ceal riamh a chaithfidh a bheith ann. Má tá oiread áirithe scoláirí ag lorg oideachas trí Ghaeilge, ba cheart go mbeadh sé ar fáil is cuma cé mhéad scoil atá sa cheantar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.