Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Aontaím le sin. Ní dhearna mé chéim sa Ghaeilge. Rinne mé céim gnó agus Spáinnise i gColáiste na Tríonóide. Mar chailín óg nár fhreastal ar Ghaelcholáiste - ní raibh fáil agam ar Ghaelcholáiste agus ní raibh Gaeilge ag éinne i mo chlann - níor thuig mé go raibh cúrsaí mar sin ar fáil. Is cinnte go bhfuil i bhfad níos mó cúrsaí ag teastáil. Níor thuig mé fiú go féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Lean mé ar aghaidh le mo chuid Gaeilge tríd an gcumann Gaelach agus mé i gColáiste na Tríonóide.

Is iontach an rud iad na cumainn Ghaelacha atá i mbeagnach gach ollscoil agus coláiste sa tír anois. Reachtaíonn siad imeachtaí trí Ghaeilge agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Is dóigh gurb é sin an chéad uair a chuala mé an Ghaeilge mar ghnáth-teanga labhartha ó thaobh imeachtaí sóisialta de. Déanann sé sin difríocht ollmhór do dhaoine ar an ollscoil.

Labhair Laura Ní Aoidhne faoin scéim cónaithe freisin. Bhí mise bainteach le sin i gColáiste na Tríonóide chomh maith. Bhí mé i mo chónaí ar champas Choláiste na Tríonóide agus bhí mé in ann mo shaol a chaitheamh iomlán trí Ghaeilge gach uile lá. Is iontach an rud é go bhfuil daoine in ann sin a dhéanamh i lár na cathrach. Déanann sé sin an-difríocht cé go bhfuil i bhfad níos mó cúrsaí tríú leibhéil de dhíth orainn freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.