Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus tá fáilte roimh ár n-aíonna. Gabhaim buíochas freisin as an gcur i láthair agus bhí deis agam níos luaithe a bheith ag éisteacht leo tríd an scáileán. Tá an fuinneamh agus an dearcadh dearfach ag tabhairt ardú meanman do gach duine agus fearaim fáilte rompu.

Is léir go bhfuil réimse leathan scileanna á dtabhairt ag na bhfinnéithe don chainéal. Tá siad tagtha trí chúrsaí éagsúla. Tuigim ó Laura Pakenham agus Rút Ní Theimhneáin gur tháinig siad trí chúrsaí a bhí déanta acu trí Ghaelainn. Ní fheadar an é sin an scéal na finnéithe go léir nó an amhlaidh gur cúrsaí as Béarla a rinne siad agus ansin go raibh suim faoi leith acu dul ag obair trí Ghaelainn? Bheadh suim agam, dá réir, sna cúrsaí a tháinig siad tríd agus an amhlaidh go bhfuil bearnaí ann chun fanacht ann chun go mbeadh daoine le Gaelainn ann chun iad a chur ar fáil? An bhfuil na coláistí ag soláthar na cúrsaí agus na mic léinn nó an amhlaidh gur daoine iad na finnéithe a bhfuil suim faoi leith acu sa Ghaelainn agus go ndearna siad cúrsaí trí Bhéarla, cúrsaí atá anois á gcur i bhfeidhm trí Ghaelainn?

Tá ról an-tábhachtach acu sa mhéid is go bhfuil na finnéithe ag cur na Gaelainne os comhair glúin nua mar ghnáth-theanga laethúil. Tá sé sin an-tábhachtach. Bhí deis againn plé a bheith againn le Meta cheana féin. Bhíomar á cheistiú mar gheall ar cheann de na gnáth-slite ina úsáideann an-chuid daoine na meáin shóisialta; sé sin, le video clips ar TikTok, Instagram nó pé ardán. Bíonn daoine ag iarraidh fotheidil a chur orthu seo ach níl na hardáin á gcur ar fáil trí Ghaelainn. Chuir sé ionadh orm nach raibh Meta á gcur ar fáil agus go raibh sé ag iarraidh go mbeadh thart ar 1,000 uair a chloig ábhair le fotheidil ann cheana féin. Shamhlófá go mbeadh sé sin ann. An bhfuil sé ann nó an bhfuil na fotheidil seo in úsáid? An bhfeiceann na finnéithe é in úsáid ina gnáthoibre? An bhfuil aipeanna ann chun fotheideal a chur ar fáil trí Ghaelainn agus chun a chinntiú go bhfuil sí á cur os comhair breis daoine nó á cur chun cinn i ngach slí gur féidir? Is iad sin an chéad cúpla ceist agus beidh ceist nó dhó agam do TG4 chomh maith ina dhiaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.