Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe ar fad. Bhí mé ag léamh na haighneachtaí nó na cur i láthair a rinne siad. Tá siad spéisiúil. Aontaím go bhfuil gá le tuilleadh Gaelcholáistí ach tá tuairim na bhfinnéithe - seachas Saoirse Nic Aogáin a thagann ón nGaeltacht - ag teastáil uaim ar rud eile. Tá rud amháin comónta idir mise agus iadsan: ní dheachaigh mé ag scoil lán-Ghaelach. Chuaigh mé go coláiste Gaeilge ceart go leor ach ní dheachaigh mé go bunscoil nó meánscoil lán-Ghaelach. Fiú dá mbeadh breis Gaelcholáistí ann, tiocfaidh formhór gasúr na tíre seo ag scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla. Tagann ceist úr aníos ansin, is é sin, cé chomh tábhachtach is a bhí sé do na finnéithe gur múineadh an Ghaeilge go maith sna meánscoileanna Béarla? Bhí sé thar a bheith tábhachtach domsa. Níor cheart dúinn ariamh dearmad a dhéanamh air sin. Ba mhaith liom tuairim na bhfinnéithe air sin a chloisteáil.
An dara rud ná go n-aontaímid ar fad le ceist an airgid faoi TG4. Níl sé cóir nó cothrom an chaoi a roinntear airgead an Stáit idir RTÉ agus TG4. Tá sé chomh simplí le sin. Tá éagothromas ollmhór i gceist ansin. Bíonn dearcadh faoi leith ag an státchóras i leith RTÉ Ie hais an dearcaidh atá aige i dtaobh TG4. Fágfaimid an cheist sin faoi na daoine sinsearacha anseo le freagairt.
Rud amháin a ritheann liom go minic ná go bhfuil go leor cláracha ann. Is iontach an rud é go bhfuil Cúla4 ann ach an bhfuil mórán ann ar chor ar bith do na daoine atá 13 agus 20 bliain d'aois? Tá sé cosúil le leabhair i nGaeilge. Tá raidhse leabhar i nGaeilge ann do pháistí óga, ach de réir mar atá siad ag dul in aois, go tobann, níl aon rud spéisiúil ann le léamh. Mar an gcéanna é le físeáin agus na rudaí seo ar fad. Is comhairleoirí iad na finnéithe agus caithfidh siad éisteacht libh. Is iadsan atá ag cur comhairle ar na daoine atá níos sine. Ní dhearfaidh mé níos críonna, mar tá dhá bhrí le críonna, ach na daoine atá níos sine. An bhfuil bearna ollmhór ansin, ní hamháin idir daoine atá 18 agus 30 bliain d’aois ach idir 13 agus 20?
Rud amháin a bhfuil an-spéis agam ann na úsáid na teicneolaíochta. Is féidir linn bheith ag tabhairt amach faoi rudaí, ach ag deireadh an lae caithfimid gníomhú agus rud éigin a dhéanamh. An gcuideodh sé leis an obair atá na finnéithe ag déanamh dá ndéanfadh an Stáit go lárnach i bhfad níos mó infheistíochta i dteicneolaíocht aistriúcháin agus ateangaireachta? Tá a fhios againn féin go mbíonn daoine ag labhairt ar an teilifís i dteangacha éagsúla agus bíonn guth á aistriú. I ndáiríre, leis an teicneolaíocht, ba cheart go mbeifí in ann guth an duine atá caint a chur orthu agus iad ag labhairt cibé cén teanga a theastaíonn. Tiocfaidh sé sin le AI in am agus níl aon amhras faoi sin. Ach tá an rud céanna ann faoi aistriúchán meaisín. Tá an-obair ar bun sa Teach seo ag aistriú na ndíospóireachtaí, na mBillí agus go leor rudaí anseo. Úsáideann siad teicneolaíocht. Ar cheart dúinn cur le chéile ar fad a dhéanamh agus go ndéanfadh an Stáit mór-infheistíocht in aistriúchán le go mbeadh na deiseanna aistriúcháin go dtí an Ghaeilge agus ón nGaeilge ann, chomh maith le deiseanna aistriúcháin, abair, idir an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Béarla?
Déanfaidh mé pointe amháin deiridh agus is pointe dóchais é. Tá go leor cainte faoi phleanáil agus rudaí. Rud maith amháin ná go bhfuil soláthar i bplean forbartha Chontae na Gaillimhe d'éinne de na finnéithe atá ag iarraidh socrú síos i gConamara. Aithnítear i bplean chontae na Gaillimhe má tá riachtanas tithíochta ag duine ar bith atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge, más teaghlach lán-Ghaeilge atá acu, gur féidir cead pleanála a fháil in áit nach féidir le héinne eile ón taobh amuigh é a fháil. Deirim sin mar eolas. Má theastaíonn ó na finnéithe fanacht, beidh deiseanna breise acu le pleanáil le hais mar a bhéas ag éinne eile. Is féidir leo é sin a sheiceáil le plean chontae na Gaillimhe faoi na míreanna a bhaineann leis an nGaeltacht.
Is iontach iad a fheiceáil sa choiste áfach agus guím chuile rath orthu. Tá súil agam go bhfanann siad ar fad ag obair leis an gcineál seo oibre, cibé cén áit a théann siad.
Rud amháin deiridh, bíonn muid ar fad ag breathnú ar an teilifís, agus, mar shampla, ag breathnú ar RTÉ agus na stáisiúin eile, cuireann sé iontas orm anois, le hais 20 bliain ó shin, cé mhéad de na hainmneacha a thagann aníos ar na credits i nGaeilge. Ar ndóigh, is é sin an scoil oiliúna atá ag TG4. Ní hamháin go bhfuil tionchar ollmhór aige ar shaol theilifís na Gaeilge ach go hindíreach tá TG4 ag déanamh an-obair ag cur daoine ar fáil do stáisiúin eile, TV3, RTÉ agus mar sin de. Is iontach an misneach gur cheart go dtabharfadh sin do na finnéithe mar osclaíonn an Ghaeilge doirse. I rith mo shaol, ní fhaca mé míbhuntáiste le seo riamh. Is iomaí áit a chuaigh mé agus corr áit go raibh mé i sáinn, agus an chéad rud eile casadh Gaeilgeoir orm. Ansin bhíomar ar fad istigh sa chlub céanna agus bhí liom.
No comments