Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Ms Saoirse Nic Aog?in:
B'fhéidir go gcoinneoidh mise orm ansin maidir le pointe an Teachta faoi chláir nó ábhair ar líne do dhaoine óga. Tá maoiniú de dhíth chun cláir a chur amach ar an Idirlíon nó ar líne do dhaoine óga mar ní bhíonn siad ag breathnú ar an teilifís ar an gcaoi thraidisiúnta níos mó. Mar a luaigh mé, le seinnteoir TG4, bítear ar an ríomhaire nó ar an bhfón agus an duine ag taisteal pé áit a bhfuil an duine. Ba chóir go mbeadh maoiniú ansin do chláir nó do chruthaitheoirí úrnua a chothú le go mbeidís in ann a bheith ar líne ag cruthú as Gaeilge. Maidir le cláir do dhaoine óga, is iontach an deis é go bhfuil Cúla4 ann, mar a bhí á rá ag Clíodhna Nic Gafraidh ach, mar a luaigh mise, bhí mé ag plé leis an dream ó 18 mbliana d'aois go 30 agus ní hé nach bhfuil tada ann ach tá easpa ábhair ann do m’aoise, mar shampla. Tá daoine ag fágáil na scoile agus an oideachais i lár a bhfichidí agus ní bhíonn an cur amach céanna acu ar an teanga. Bheadh sé go deas níos mó maoinithe a fheiceáil do chláir agus do chruthaitheoirí do dhaoine óga. Is léir go bhfuil an t-éileamh sin ann. Mar a luaigh mé, is mise an t-aon intéirneach reatha anois arb as an nGaeltacht di. Tá suíomh ag chuile dhuine anseo agus, mar a luaigh mé, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh siad in ann dul ar an Idirlíon agus iad níos óige, na deiseanna a fháil agus rudaí a fheiceáil trí mheán na Gaeilge agus nach eisceachtaí iad. Ní eisceacht atá ann mar a dúirt Rút Ní Theimhneáin agus níor chóir go mbeadh iontas ar dhaoine go mbeadh muintir na hÉireann dátheangach. Tá éileamh ann. Bhí “An Cailín Ciúin”, a chuaigh chomh fada leis na hOscars, tá scannán Kneecap anois ann freisin a bhuaigh duaiseanna ar leith ag féile Sundance agus tá borradh le blianta beaga anuas ag teacht aníos air sin. Tá suim againn ar fad, tá an t-éileamh sin ann agus dá bhfaighimis an maoiniú sin, bheadh sé sin dochreidte. Táim cinnte go ndéanfadh sé an-difríocht do dhaoine óga.
No comments