Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is lá mór don Oireachtas go bhfuil intéirnigh TG4 chomh cáiliúil anseo linn. Is dócha go dtuigeann formhór na ndaoine seo go bhfuil saghas social media phenomenon faoi intéirnigh TG4 ach go léiríonn sé sin agus an caighdeán daoine atá anseo an cur chuige atá ag TG4, mar atá ráite ag Trevor Ó Clochartaigh, a bhí ann ag TG4 ón tosach maille leis an tuiscint a bhí ag an stáisiún gur gá an phíblíne sin le tallann a bheith ann. Tá sé sin feicthe le blianta fada anuas anois. Is léir freisin, ní hamháin sin, ach go bhfuil an cur chuige atá ag TG4 i gcoitinne cruthaitheach le dearcadh úr nua i gcónaí ann.
Tá an fhís sin an-dearfach. Cuirim fáilte roimh Threvor Ó Clochartaigh, m’iarfhostóir, mar go raibh mé ag obair le Trevor le cúpla bliain nuair a bhí sé ina Sheanadóir. Tá súil agam go bhfuil sé fós chomh réasúnta mar fhostóir is a bhí sé ag an am sin.
Níl mórán le rá agam ó thaobh roinnt de na saincheisteanna agus tá go leor díobh clúdaithe ag na daoine go léir a bhí ag caint. Rith roinnt rudaí liom. Bhí Chloe Ní Ghríofa ag caint faoin teicneolaíocht. Chun teacht ar ais ar chéim amháin, go ginearálta, nuair a bhítear ag caint le daoine nach bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil mórán cur amach acu faoin nGaeilge ach go bhfuil a fhios ann go bhfuil suim acu inti, cuirtear an cheist cén staid ina bhfuil an Ghaeilge. Tá ábhar d’an-chuid dóchais ann ach tá ábhar an-chuid imní ann freisin. Uaireanta, tá sé deacair an dá rud a mheá i gcoinne a chéile. Tá go leor constaicí agus ábhar imní go háirithe ó thaobh na Gaeltachta ann agus tá roinnt de na rudaí sin faoi BÁNÚ agus an saghas ruda sin ag forbairt.
Sa Rinn cúpla mí ó shin, bhí daoine ag rá liom go bhfuil sé go hiontach do Dhún Garbhán ach níl sé de chumas ag daoine sa Rinn cur fúthu ann. Tá siad ag dul síos go Dún Garbhán agus áiteanna eile i gContae Phort Láirge. Tá an fhadhb sin ann go forleathan. Ach é sin ráite, tá ábhar an-chuid dóchais ann freisin agus is dóigh liom go bhfuil Chloe Ní Ghríofa agus daoine cosúil lenár n-aíonna mar chuid den ábhar dóchais sin.
Is é ceann de na dúshláin atá ann ná an teicneolaíocht. Chonaic mé rud le déanaí go mbeidh níos mó díobh ann. Táimid ag an tosach de faoi láthair ach maidir leis na teicneolaíochtaí seo, agus is dócha gurb é ChatGPT an ceann is cáiliúla díobh, tá siad sin bunaithe go mór ar na mórtheangacha, amhail Béarla, Fraincis, Sínis agus an saghas sin teanga. Ní hamháin maidir leis an nGaeilge ach maidir le teangacha ar fud an domhain, ní bheidh sé furasta mar go mbeidh sé an-deacair agus tábhachtach go mbeidh an Ghaeilge mar chuid de na teicneolaíochtaí seo. Beidh an-chuid oibre ag teastáil agus tá súil agam go bhfuil an Roinn ag féachaint air. B'fhéidir go bhfuil gnéithe eile den teicneolaíocht ann ach tá go leor le déanamh faoi sin.
Tá ceist agam do Shaoirse Nic Aogáin, a bhí ag obair ar bhlag TG4. Is dóigh liom go bhfuil an ceart aici nach bhfuil daoine óga ag féachaint ar an teilifís faoi mar a bhí siad. Tá siad ag teacht isteach tar éis na hoibre nó an choláiste, ag suí síos agus ag féachaint céard atá ar TG4. Tá na daoine sin ann go pointe áirithe ach, go forleathan, tá daoine ag lorg cláir faoi leith. Cloiseann siad go bhfuil sé seo nó siúd go maith agus tá siad á bhfáil ar streaming nó mar sin. Cad é a tuairim ar an saghas content agus cláir a bheidh ag teastáil ó dhaoine óga? Conas a bheidh sé de chumas ní hamháin ag TG4 ach ag craoltóirí i gcoitinne forbairt a dhéanamh ar na cláir i gceart le go mbeidh siad ar fáil trí mheán na Gaeilge?
Nílim cinnte an í Rút Ní Theimhneáin nó Clíodhna Nic Gafraidh a labhair mar gheall ar an bhfadhb atá ann de bharr nach bhfuil fáil ag formhór na tíre ar Ghaelscoil tar éis leibhéal na bunscoile. Is dóigh liom go bhfuil ceithre áit sa bhunscoil d’áit amháin sa mheánscoil. Is fadhb mhór é a chinntiú go bhfaigheann daoine oideachas trí mheán na Gaeilge ó aois óg go dtí an ollscoil. Tá fadhb dhearcaidh ann freisin. Tá an leaid is sine againne imithe ón mbunscoil go dtí an meánscoil agus tá sé ag freastal ar mheánscoil lánGhaeilge ach bhí mé ag labhairt le cuid mhaith de na tuismitheoirí agus bhíodar á rá nach mbeadh a bpáistí acadúil go leor don Ghaelcholáiste. Níl sé sin ceart nó cruinn ar chor ar bith ach tá an mhíthuiscint ann go bhfuil sé de chumas ag gach duine dul ar an mbunscoil ach, chun dul go dtí Gaelcholáiste, caithfidh duine a bheith acadúil agus go han-mhaith ag an nGaeilge. Níl sé sin fíor ar chor ar bith ach tá fadhb an ó thaobh dearcaidh de. Ní hamháin sin ach tá fadhb ó thaobh forbartha ann agus tá go leor áiteanna sa tír a bheadh go leor éileamh ann ach nach bhfuil forbairt déanta orthu.
No comments