Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Más féidir liom cur leis sin. I dtosach báire, go raibh maith ag an gCathaoirleach as na focail dheasa ag an tús. Tá sé go deas a bheith ar an taobh eile den bhord ach feicfidh an comhchoiste nach ndeachaigh mé rófhada ach an oiread mar gach lá a théim ag obair, bíonn fuadar fúm mar gheall ar an dream atáim ag obair leo agus an obair iontach atá ar siúl.

Díreach le bheith soiléir, is é an dream atá os ár gcomhair inniu na hintéirnigh atá ag obair taobh istigh de TG4. Baineann an scéim eile atá á lua ag Lís Ní Dhálaigh. Baineann sé sin leis na comhlachtaí neamhspleácha. Tá dream eile amuigh ansin chomh maith céanna atá chomh cumasach céanna agus atá ag fáil na taithí chéanna leis na comhlachtaí neamhspleách ar fad.

Má thabharfaimid foireann TG4 i láthair na huaire; tá an tríú chuid den fhoireann atá tagtha isteach le cúig bliana anuas. I ndáiríre, tá meascán iontach againn idir na daoine atá ann le blianta fada, go leor acu a tháinig nuair a thosaigh an tseirbhís, agus an dream nua atá ag teacht isteach. Táimid ag feiceáil borradh dochreidte faoin dream atá ag teacht isteach agus is léir an pointe sin ó thaobh na n-intéirneach atá linn inniu agus an oiread cumais atá iontu.

Is é an rud a tharlaíonn freisin nó go bhfuil go leor intéirneachtaí éagsúla ar fud na tíre a bhféadfadh duine a dhéanamh ach is é an bhéim a chuirimid iontu i TG4 ná gur intéirneacht bliana atá i gceist, rud a thugann deis do na daoine seo fíorthaithí a fháil agus a bheith ag díriú isteach ar réimse faoi leith. Nuair a thagann siad isteach an doras, cuirtear go leor traenáil bhreise orthu. Cuirtear ar chúrsaí éagsúla iad agus bíonn siad ag obair le daoine éagsúla taobh istigh de na rannóga. Faigheann siad taithí an-mhaith sa réimse faoi leith ina bhfuil siad.

Bhíomar ag dul tríd an liosta idir na hintéirnigh a tháinig tríd an scéim seo taobh istigh de TG4 agus an dream a tháinig trí na comhlachtaí le ceithre nó cúig bliana anuas agus níor thángamar trasna ach ar dhuine amháin nach bhfuil fanta san earnáil agus is dóigh liom go fuair an duine sin PhD le deireanas. Chuaigh an duine sin ar ais i dtreo na hacadúlachta.

Léiríonn sé sin an cur chuige atá ag TG4 ón tús nach féidir linn a bheith ag brath i ndáiríre ar aon duine taobh amuigh dínn féin le píblíne tallainne a thabhairt chun cinn. Caithfimid a bheith ag fás agus ag cothú na ndaoine atá ag teacht chun obair linn mar gheall ar chúrsaí Gaeilge agus ar na scileanna éagsúla atá ag teastáil le stáisiún teilifíse a riaradh agus mar sin de.

Tá bearnaí éagsúla ó thaobh taithí de ina mbíonn sé deacair daoine a fháil iontu. Thosaigh na hintéirnigh seo i ndáiríre sna meáin shóisialta agus i gcúrsaí cumarsáide agus tá sé leathnaithe amach anois againn go dtí cúrsaí teicniúla. Beimid ag tabhairt togra mór teicniúil isteach anois go luath. Tá duine eile ag plé le bogearraí agus le códú. Is é sin ceann de na intéirneachtaí nua eile atá tagtha chun cinn. Tá Chloe Ní Ghríofa ag plé le grafaicí agus is í sin an chéad duine a bhí ag plé le grafaicí againn le roinnt blianta anuas.

Tá bearnaí sna réimse teicneolaíochta agus innealtóireachta agus i gcuid de na réimsí scile maidir le ceamara, fuaim, stiúrthóireacht, agus mar sin de, san earnáil chomh maith céanna. Tá gá breis tacaíochta a bheith againn sa phíblíne chun daoine agus tallann nua a chothú.

Is é an pointe mór eile freisin ná go bhfuil muid ag déanamh é seo ar an ngannchuid. Táimid thar a bheith buíoch as an taithí agus as an tacaíocht atá faighte ag TG4. Tá sé sin méadaithe ach táimid, mar a deir ár n-ardstiúrthóir, fós taobh thiar de na cainéil eile agus mar shampla, i gcomparáid le S4C sa Bhreatain Bheag, fós ag fáil thart ar leath an mhéid maoinithe a bhíonn ag an stáisiún siúd leis an jab céanna a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá gá i gcónaí le gach taobh den Teach anseo agus le gach páirtí a bheith ag brú le go gcuirfear breis mhaoinithe ar fáil do TG4. Feicfidh an comhchoiste go bhfuilimid ag caitheamh an t-airgead ar bhealach an-fhiúntach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.