Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms R?t N? Theimhne?in:

Luaigh mé tacú ar fheabhas le hoideachas tríú leibhéal. Bhí mé ag obair in Ollscoil Mhá Nuad agus in Ollscoil Ottawa i gCeanada ag múineadh na Gaeilge do dhaoine nár chuala an teanga riamh. Bhí mé ag leanúint na treorach ón gcomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus atá sé sin i bhfeidhm ag teastas Eorpach na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Go bunúsach leis sin, bheadh daoine nár chuala an teanga riamh, in aon seimeastar amháin tar éis a bheith sna ranganna uair nó dhó sa tseachtain, in ann an Ghaeilge a labhairt agus cúpla rud a rá fúthu féin, an teaghlach, an caitheamh aimsire bhí acu agus mar sin de. Feicim le teangacha na hEorpa, go mbíonn an córas céanna in úsáid agus bíonn A1 i gceist le glantosaitheoir, A2 le beagáinín níos mó ná sin, B1, B2 go dtí C1 agus C2. Ceapaim féin gur chóir an córas céanna a chur i bhfeidhm i leith na Gaeilge agus í a mhúineadh ó bhun go barr mar táimid ag labhairt faoin ngrá a bheith ann don teanga ach níl muid ag tabhairt an deis do dhaoine sa tír seo, daoine óga go háirithe, an teanga a bheith acu i gceart agus ó bhun agus í a fhoghlaim i gceart mar is cóir. Sílim féin nach bhfuil aon teanga níos tábhachtaí ná aon teanga eile agus gur chóir go mbeadh an Ghaeilge chomh feiceálach agus chomh lárnach agus muid ag labhairt faoi na meáin shóisialta agus na meáin go ginearálta. Tá an Spáinnis, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ar fad mar an gcéanna mar is teangacha Eorpacha iad.

Ba bhreá liom píosa a rá faoin teanga eile a luaigh mé: an Ghuaráinis. Is í sin an teanga atá i bParagua, Meiriceá Theas. Is mionteanga í cosúil leis an nGaeilge ach níl an oiread tacaíochta is atá ag an nGaeilge in Éirinn ag an teanga seo in aon chor. Ní fheictear stáisiún teilifíse sa teanga seo, fógraíocht nó rud ar bith, agus í Paragua, an tír is dátheangaí i Meiriceá Theas, tá 90% den phobal a labhraíonn Guaráinis. Is rud thar a bheith eisceachtúil é sin agus is é an rud atá ag na daoine ná an grá. Ní fhéadfaí é sin a mhúineadh nó a thabhairt agus chaithfí é sin a fháil ón gcliabhán. Is é sin an deacracht atá againn ó thaobh teangacha de sa tír seo. Táimid ag labhairt faoi na deiseanna atá againn, ar bhonn acadúil go háirithe, agus airím faoi na rudaí sin ar fad cé chomh tábhachtach is atá siad, ach mar a bhí Oisín Ó Conaill ag rá freisin, caithfimid na rudaí atá grá againn dóibh a mhúscailt i ndaoine óga ón tús ar fad agus is sa teaghlach, sna scoileanna, sa phobal a tharlaíonn sé sin agus ansin, de réir a chéile, tagann sé sin i gcroíthe na ndaoine, is dóigh liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.