Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá fáilte roimh na finnéithe go léir agus go háirithe roimh Trevor Ó Clochartaigh. Bhí obair na gcapall déanta aige nuair a bhí sé anseo. I gcónaí, faigheann an duine an moladh nuair atá sé nó sí imithe. Ina ainneoin sin, tá sé tábhachtach é sin a rá. Molaim Áine Lally as ucht an coincheap agus an smaoineamh. Is iontach go bhfuil siad ann. Is dócha go bhfuil naoi gcontae i gceist agus níl ach duine amháin ón Ghaeltacht agus is iontach an rud é sin. Is ardú meanman i ndáiríre a bheith ag éisteacht leis na finnéithe. Níl a lán ceisteanna agam ach is mian liom cloisteáil ó na finnéithe ó thaobh cad atá ag teastáil uathu uainn, mar pholaiteoirí, agus ón gcóras. Is difríocht ollmhór anois a bheith ag cloisteáil an dearcaidh chomh dearfach sin faoi na deiseanna agus féidearthachtaí atá ann. De ghnáth, tagann dreamanna os ár gcomhair maidir le fadhbanna agus tá frustrachas orainn go léir gan dabht ó thaobh an méid fadhbanna atá ann, cúrsaí tithíochta go háirithe agus araile.
Mo bhuíochas le TG4 agus an méid oibre atá á dhéanamh aige. Bhí mé ag éisteacht leis na finnéithe agus is dócha gur gáir chatha atá i gceist ó Chúán de Búrcha, ó hOisín Ó Conaill agus ó na finnéithe go léir, chun rud a dhéanamh ar son na Gaeilge. Fuair mé an frása sin. Ní raibh mé in ann smaoineamh ar an bhfrása “battle cry” ach is é sin é. Is gáir chatha atá i gceist ó na finnéithe inniu chun rud a dhéanamh. Tá siad á chur sin trasna dúinn ar bhealach a bhfuil thar a bheith tábhachtach maidir leis na deiseanna agus rudaí.
Stopfaidh mé ag caint anois agus éistfidh mé leis na finnéithe, ach is iad na téamaí a léim amach ná tábhacht na gcoláistí samhraidh agus tábhacht na gcúrsaí cearta a chur ar fáil ar an tríú leibhéal. Is maith an rud é go bhfuil sé feabhsaithe agus go bhfuil cúrsaí ann. Déanaim tagairt d’Institiúid Oideachais Marino go háirithe agus luaigh duine de na finnéithe é. Don chéad uair, tá cúrsaí trí Ghaeilge ann ach tá gá le réimse leathan cúrsaí ar an tríú leibhéal. Tá Carn Tóchair ann atá mar eisileamar dúinn go léir.
Bhí Oisín Ó Conaill ag dul ar ais go dtí an spórt agus na féidearthachtaí atá ansin. Luaigh sé na focail sliotar, camán, caid agus araile. Tá na focail sin ag daoine go nádúrtha, beag beann ar a gcumas sa Ghaeilge. Is féidir tógáil air sin.
Is é an frustrachas a bhíonn orm i gcónaí anseo agus mé ag éisteacht le daoine ná go bhfuil muid chomh báúil don nGaeilge ach tá sí fós i mbaol. Cén chaoi ar féidir é sin a iompar ar ais agus tógáil ar na mothúcháin sin?
Ní rachaidh mé ar aghaidh. Is mian liom cloisteáil ó na finnéithe, i ndáiríre. Is rud thar a bheith spreagúil é go bhfuil siad anseo agus is mian liom cloisteáil uathu anois faoi na rudaí is tábhachtaí dóibh.
No comments