Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Ms L?s N? Dh?laigh:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dúinn deiseanna intéirneachta i TG4 agus an fhís atá againn ó thaobh fhorbairt na hearnála a phlé leis.
Tá forbairt ar shruth tallainne le Gaeilge ag croílár straitéis TG4 ó bunaíodh sinn in 1996. Tá daoine cumasacha tagtha tríd i ngach aon ghné den ghnó agus iadsan le feiscint ar scáileáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá aitheantas ar leith ag dul d'Údarás na Gaeltachta as a bheith ceannródaíoch i bhforbairt na hearnála meán Gaeilge.
Ó thaobh na n-intéirneachtaí, aithníonn TG4 go bhfuil sé tábhachtach do dhaoine atá ag tosú amach sa ghnó taithí praiticiúil a fháil. Chuige seo, gach aon bhliain, déanaimid fógairt ar scéim intéirneachtaí laistigh de TG4 ina dtugtar suas le hochtar isteach ag obair linn ar feadh tréimhse bhliana. Faigheann siad taithí i réimsí meán sóisialta, teicniúla agus léiriúcháin. Go dtí seo, tá taithí oibre curtha ar fáil do suas le 30 duine tríd na scéimeanna ó thosaigh muid leo in 2018.
Mar chraoltóir-foilsitheoir, tá sé an-tábhachtach do TG4 taithí a bheith á cur ar fáil do dhaoine san earnáil neamhspleách chomh maith. Chuige sin, tá scéim rathúil ar bun againn le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na comhlachtaí léirithe ina dtugtar taithí oibre bliana do dhaoine istigh sna comhlachtaí léiriúcháin. Go dtí seo, tá suas le 40 duine tagtha tríd an scéim sin agus taithí faighte acu in 18 comhlacht atá ag obair trí mheán na Gaeilge nó atá lonnaithe sa Ghaeltacht.
Cé go bhfuil go leor beartais dearfacha ar bun ag eagrais difriúla le hoiliúint agus forbairt a dhéanamh sna meáin Ghaeilge, tá go leor de na beartais seo ag feidhmiú ar bhealach atá neamhspleách ar a chéile agus atá ad hoc. Creideann TG4 go bhfuil seans ann borradh a chur faoin traenáil agus oiliúint sna meáin Ghaeilge tríd straitéis aontaithe idir TG4, Údarás na Gaeltachta agus Fís Éireann a d'fhéachfadh le hacmhainní a threisiú agus a threorú ar bhealach a bheadh tairbheach d'fhorbairt na hearnála Gaelainne. Molann muid go gcruthófaí aonad forbartha na meán Ghaeilge a bheadh ag tiomáint na hoibre seo.
Tá an-chuid buntáistí ann le hinfheistiú i bhforbairt na hearnála Gaeilge. Tá an earnáil fréamhaithe don mhórchuid sa Ghaeltacht agus sna réigiúin agus tá formhór na fostaíochta á chruthú sna Gaeltachtaí agus sna réigiúin. Is eiseamláir ar leith iad ceantar Gaeltachta Chonamara agus ceantar Gaeltachta na Rinne mar go bhfuil os cionn 400 duine fostaithe agus glúin óg lonnaithe sa Ghaeltacht atá i mbun oibre atá nuálaíoch, ceannródaíoch agus teangabhunaithe.
Gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht leis seo. Tá deis acu anois bualadh le cuid de na hintéirnigh ábalta atá ag obair linn.
No comments