Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais ach go bhfuil gné fhíorúil Microsoft Teams mar chuid de freisin. Is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú seo agus beidh an seisiún poiblí againn inniu chun breathnú ar an ábhar taithí oibre agus intéirneachtaí do chéimithe tríú leibhéal i TG4 - féidearthachtaí agus deiseanna, le hionadaithe thar ceann TG4. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen.
Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais. Ba mhaith liom fáilte a fhearadh freisin roimh an stiúrthóir margaíochta, forbartha agus comhpháirtíochta, Lís Ní Dhálaigh; an stiúrthóir oibríochta agus acmhainní daonna, Trevor Ó Clochartaigh; agus an bainisteoir cumarsáide, Áine Lally, iad ar fad í láthair ó TG4. Chomh maith leis sin ba mhaith liom fáilte a fhearadh roimh na hintéirnigh atá ag obair i TG4 faoi láthair, mar atá: Laura Pakenham, Cúán de Búrca, Chloe Ní Ghríofa, Saoirse Nic Aogáin, Caitríona Nic an tSaoir, Oisín Ó Conaill, Laura Ní Aoidhne, Rút Ní Theimhneáin agus Clíodhna Nic Gafraidh.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad atá ag freastal ar an gcruinniú inniu anseo agus lonnaithe i seomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula ndéanaimid ár mbreathnú ar an ábhar seo, taithí oibre agus intéirneachtaí do chéimithe tríú leibhéal i TG4 agus na féidearthachtaí agus na deiseanna a bhaineann leo sin, tá sé dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl fad is atá siad ag labhairt leis an gcoiste le go mbeidh siad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le haon fhinnéithe freisin a bheidh ag teacht isteach ar an cruinniú go fíorúil. Ba chóir dúinn a chinntiú sa chás go bhfuil daoine ag teacht isteach ar an gcruinniú go fíorúil go mbeadh na micreafóin atá acu múchta nuair nach mbeidh siad ag labhairt linn.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Níl finnéithe in ann brath ar an gcosaint seo agus fianaise á thabhairt acu ó áit taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.
Is iad sin na rialacha. Tá na finnéithe ceart go leor. Ní chuirfear i bpríosún iad ach tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine an príomhriail ansin, is é sin nach féidir líomhaintí a dhéanamh in aghaidh daoine ar leith ná clú daoine a mhilleadh. Measaim go dtuigeann na finnéithe é sin. Oibríonn siad in earnáil ina bhfuil na rialacha seo i bhfeidhm.
No comments