Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Fadhb Thithíochta na Gaeltachta: BÁNÚ
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Is maith an rud go bhfuil siad anseo. Fair play daoibh as an obair. Tá sé ag teastáil. Ní ionann é sin agus a rá nach bhfuil aon obair ar siúl againn. Tá spotsolas dírithe againn ar an gcoiste seo ar chúrsaí tithíochta le níl a fhios agam cé chomh fada siar anois. Ba chóir dúinn obair as lámh a chéile chun réiteach a fháil. Táim tógtha leis an rud a thug BÁNÚ dúinn. Níl BÁNÚ ag casadh port an éadóchais ach a mhalairt ghlan. Fáiltím roimhe sin agus roimh an bhfuinneamh atá sna finnéithe. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Luadh focail chumhachta ón amhrán "Cóilín Phádraig Shéamais". Más buan mo chuimhne, ba é Pádraig Ó hAoláin a chum an t-amhrán sin, fear a bhí i gceannas ar Údarás na Gaeltachta tráth. Tá an-ómós tuillte ag an bhfear sin ón méid oibre a rinne sé. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá gach rud leagtha amach go soiléir acu, chomh maith leis na pointí agus na moltaí atá ag teastáil ó BÁNÚ.
Tá beagnach leabharlann de cháipéisí agam anseo maidir leis na treoirlínte do na ceantair Ghaeltachta. Tá beirt nó triúr Teachta Dála eile a bhíonn ag cur ceisteanna faoi freisin. Táimid fós ag fanacht. Dúirt Maitiú de Hál go ndúirt an tAire go mbeidh na treoirlínte le fáil am Cásca ach rinne sé dearmad ceist a chur faoin mbliain atá i gceist. Rinne mé féin an botún céanna maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Is tuar dóchais é go bhfuil an tAcht againn anois ach le blianta chuala muid "an bhliain seo" arís agus arís eile. Tá sé mar an gcéanna le rud chomh bunúsach leis sin. Níl mórán níos mó le rá agam faoi na treoracha. Tá ceist i ndiaidh ceiste curtha agam agus brú coinnithe agam ar an gcóras. Is rud bunúsach atá ag teastáil. An uair dheireanach, bhí grúpa oibre, coiste rannpháirtithe agus cibé cén measúnú a bhí le déanamh agus níl siad againn fós ach beidh siad againn am éigin sa bhliain seo. Léiríonn sé sin dom go bhfuil easpa tuisceana i gceist ó thaobh cé chomh tábhachtach agus práinneach atá sé réiteach a fháil ó thaobh cúrsaí tithíochta sna Gaeltachtaí. Tá réimse míreanna i gceist. Is rud amháin é sin.
Is rud eile é Údarás na Gaeltachta. Ceapaim go bhfuil a lán cumhachta ag Údarás na Gaeltachta. Tá tríonóid de dhualgais - pobal, teanga agus cúrsaí fostaíochta - aige agus níl aon dualgas níos airde ná aon cheann eile ach, mar atá ráite go poiblí agam go mion minic, i mo thuairim, díríonn sé isteach ar chúrsaí fostaíochta seachas ar na trí rud. Díríonn sé isteach ar an bpobal go pointe áirithe ach ní ar chúrsaí tithíochta, faraor géar. Fiú más rud é nach bhfuil cumhacht aige, tá guth aige. Tá deis aige gach seachtain aighneacht a chur isteach ó thaobh na dtithe atá á dtógáil sna ceantair Ghaeltachta uilig ar fud na tíre. Ón méid atá cloiste againn, ní dhearna sé é sin ach tá an ról sin aige. Ní ról thar a bheith cumhachtach é ach is ról atá aige chun a chur in iúl an bhfuil sé sásta nó an bhfeiceann sé bearnaí. Ní bhaineann sé úsáid as sin. Tugaim ardmholadh d'Údarás na Gaeltachta ach táim ag díriú isteach ar chúrsaí tithíochta anseo agus ba chóir dó níos mó úsáide a bhaint as an gcumhacht sin.
Tá leabharlann eile de cháipéisí agam ó thaobh na suíomhanna agus foirgnimh atá folamh ar fud na nGaeltachtaí uilig. Is cuid de na freagraí iad seo. Is iontach an rud é go bhfuil na hacmhainní sin ag an údarás. Níl sé sin ag aon eagraíocht eile. Is dea-scéal amach agus amach é, in ainneoin go bhfuil cuid acu folamh le 20 bliain, deich mbliana agus araile. Is scéal dearfach é. Thóg sé an t-uafás ama chun an méid sin eolais a fháil. Tá na foirgnimh agus na suíomhanna ann. B'fhéidir nach bhfuil siad go léir feiliúnach. B'fhéidir go bhfuil siad níos feiliúnaí do chúrsaí fostaíochta. Is maith an rud é sin freisin ach, ar a laghad, tá tús curtha aige le breathnú air sin anois. An bhfuil mé sásta? Ní féidir a bheith sásta go bhfuil an méid sin talaimh ag an údarás agus gan tada á dhéanamh leis.
Ar lámh amháin, tá ról thar a bheith lárnach ag Údarás na Gaeltachta leis na trí oibleagáid atá air ach caithfear iad a úsáid. B'fhéidir go mbeidh easaontas eadrainn ó thaobh an ról a bheith ag údaráis áitiúla ná ag Údarás na Gaeltachta ach aontaím go bhfuil gá práinneach le rud a dhéanamh. Dheimhnigh an príomhfheidhmeannach dúinn go raibh togra píolótach i gceist i dtrí ceantar. Tá a fhios ag na finnéithe é sin. Beidh ceann amháin i gConamara agus is maith an rud é sin. Ní raibh mise sásta gur tithe inacmhainne amháin a bhí i gceist. Tá gá le réimse leathan tithíochta má táimid i ndáiríre faoi bheocht a choinneáil sa Ghaeltacht. Is tús lag é sin ach is tús maith é. Coinneoidh mé brú air sin.
Ag dul ar ais go dtí an pointe a rinne an Seanadóir ó thaobh cúrsaí séarachais, tá gá le tithíocht ach tá gá le hinfreastruchtúr freisin. Tá easpa infreastruchtúir ann. Is é An Cheathrú Rua an ceann is measa. Níl a fhios agam cé chomh fada siar atáim ag freastal ar chruinnithe ó thaobh an ionaid seo. Níl mé ag iarraidh caint fúm féin. Táim ag iarraidh rud éigin a chur in iúl. Is 25 bliain é ó toghadh mé mar chomhairleoir don chéad uair agus fós níl aon ionad séarachais sa Cheathrú Rua. Cén fáth? Piocadh suíomh mífheiliúnach. Ní raibh sé feiliúnach sa chéad dul síos. D'fhreastail mé féin, an Teachta Ó Cuív agus na Teachtaí Dála eile ar chruinnithe nuair a bhíomar mar chomhairleoirí agus d'impigh mé ar Uisce Éireann gan leanúint ar aghaidh leis an suíomh seo ach bhí sé diongbháilte gurb é seo an suíomh ceart. Mar a tharlaíonn, níl sé.
Níl a lán ceisteanna agam. Stopfaidh mé ag caint ach tá sé tábhachtach comhthéacs a thabhairt. Níor tharla an ghéarchéim sna Gaeltachtaí thar oíche. Tá sé bunaithe ar pholasaithe rialtas éagsúla, ar easpa infreastruchtúir agus ar easpa tuisceana ó thaobh cé chomh tábhachtach is atá na trí rud sin: pobal, teanga agus fostaíocht. Beidh gach rud srianta ó thaobh na Ceathrún Rua anois gan córas séarachais. Ba mhaith liom é a fheiceáil mar thosaíocht ag cibé cén rialtas a bheidh ann go mbeidh a leithéid de chóras ann go sciobtha.
No comments