Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Fadhb Thithíochta na Gaeltachta: BÁNÚ
Ms Adhna N? Bhraon?in:
Socraíodh an brúghrúpa BÁNÚ a bhunú ag deireadh na bliana 2023 le dul i mbun stocaireachta faoi sholáthar tithíochta sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. Tuigeann BÁNÚ go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír ar fad. I gcás na Gaeltachta, tá easpa soláthar tithíochta ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol. Tá an chéad ghlúin eile tuismitheoirí á brú amach as na ceantair Ghaeltachta.
Is cúis dóchais é go bhfuil cuid mhaith d’aos óg na Gaeltachta sásta socrú síos sa Ghaeltacht, clann a thógáil inti agus na pobail Ghaeltachta as a fáisceadh iad a dhaingniú is a neartú. Ach, nuair nach mbíonn áit chónaithe ar fáil go háitiúil, ar cíos ná le ceannach, bíonn orthu imeacht. De réir taighde a rinne BÁNÚ, as 201 teach a bhí ar fáil ar cíos i nGaeltacht Chonamara idir Bhearna agus Carna ag deireadh mí Eanáir, bhí 197 acu á ligean amach ar Airbnb.
Go dtí seo bhí cruinniú ag BÁNÚ le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; le feidhmeannaigh sinsearacha i Roinn na Gaeltachta agus leis an Aire tithíochta. Cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun go príomha leis an nGaeilge a chaomhnú is a neartú mar theanga phobail. Chuige sin, cruthaítear fostaíocht sa Ghaeltacht le nach mbeidh ar mhuintir na Gaeltachta dul ar imirce agus le go mbeidh an dream óg a bhfuil Gaeilge acu in ann fanacht sa Ghaeltacht. Mar shampla, tá cuid mhaith daoine ag obair i réimse na teilifíse sa Rinn i bPort Láirge agus i gCois Fharraige na Gaillimhe, le poist mhaithe acu. Is daoine óga cruthaíocha iad atá tiomanta don Ghaeilge ach go minic bíonn orthu bogadh amach as an nGaeltacht mar nach mbíonn áit chónaithe feiliúnach le fáil acu sa nGaeltacht.
Cuireann sé obair an Údaráis ar son na Gaeltachta ó mhaith nuair nach mbíonn áit chónaithe ar fáil ag na daoine sna poist a chruthaítear. Tá banc talún ag Údarás na Gaeltachta ar a bhféadfaí tithíocht inacmhainne a sholáthar do chainteoirí Gaeilge. Tuigtear dúinn go bhfuil staidéar le déanamh ar thrí shuíomh atá ag Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, ar An gCeathrú Rua agus sa Rinn. Tuigtear dúinn go bhfuil sé i gceist ag an údarás na suíomhanna a thabhairt ar lámha do na húdaráis áitiúla, mar nach bhfuil an chumhacht reachtúil ag an údarás féin tabhairt faoin bhforbairt.
B'fhearr le BÁNÚ go mbeadh smacht ag Údarás na Gaeltachta ar sholáthar na tithíochta. Chas BÁNÚ leis an Aire tithíochta, an Teachta Darragh O'Brien, i mí Feabhra seo caite agus phléamar an cheist leis. Thug sé le fios dá mbeadh aitheantas ag an údarás mar chomhlacht ceadaithe tithíochta, AHB, go bhféadfadh an t-údarás tabhairt faoi sholáthar tithíochta inacmhainne ar na suíomhanna, ach na hacmhainní daonna agus airgeadais a bheith curtha ar fáil.
Le nach mbeadh aon amhras ná comhartha ceiste faoi chumhacht a bheith ag an údarás dul ag plé le tithíocht, tá BÁNÚ ag moladh go gcuirfí leasú ar Acht Údarás na Gaeltachta le go mbeadh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht mar cheann d’fheidhmeanna sonracha an údaráis faoin reachtaíocht. Más é caomhnú agus neartú na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta an phríomhfheidhm reachtúil atá ag Údarás na Gaeltachta, ní mór an chumhacht shainiúil agus na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir na cainteoirí Gaeilge atá fostaithe i gcomhlachtaí de chuid an údaráis a choinneáil sa Ghaeltacht.
Maidir le Roinn na Gaeltachta, tá feidhmeanna tithíochta ag Aire na Gaeltachta faoin reachtaíocht mar atá sé, nár úsáideadh le hos cionn deich mbliana. Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, is féidir le hAire na Gaeltachta, le cead an Aire Airgeadais, deontais agus iasachtaí a thabhairt do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa nGaeltacht. Níl aon úsáid á baint ag Roinn na Gaeltachta as an gcumhacht sin, in ainneoin na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht.
Moltar don chomhchoiste an cheist seo a ardú le hAire na Gaeltachta agus iarraidh ar Roinn na Gaeltachta, scéimeanna tacaíochta a chur ar fáil a chabhródh le cainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach cónaithe a thógáil i gceantar Gaeltachta.
Le dul i ngleic leis an bhfadhb, creideann BÁNÚ gur ghá go mbeadh Údarás na Gaeltachta chomh gníomhach céanna faoi sholáthar tithíochta sa Ghaeltacht is atá sé faoi sholáthar post; go mbeadh an t-údarás ag ceannach talún a bheadh feiliúnach le haghaidh forbairtí beaga tithíochta; go mbeadh sé ag fáil cead pleanála imlíneach; agus go mbeadh sé ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil ar nós uisce, leictreachais, Idirlín agus séarachais. Tá cead ag an údarás na seirbhísí sin a chur ar fáil do Gteic agus do na monarchana atá tógtha ag an údarás ar fud na Gaeltachta. Dhéanfadh sé ciall go mbeadh an t-údarás ag plé le soláthar tithíochta do na daoine a oibríonn sna hionaid oibre sin, le hiad a choinneáil ina gcónaí sa Ghaeltacht.
Le hachoimre a dhéanamh ar an ráiteas seo, tá BÁNÚ ag moladh na nithe seo a leanas: go dtabharfaí cumhachtaí tithíochta d’Údarás na Gaeltachta, chomh maith leis an maoiniú riachtanach le cur ar chumas an údaráis dul ag plé le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht; go dtabharfaí an t-aitheantas cuí d’Údarás na Gaeltachta, le go bhféadfadh sé feidhmiú mar chomhlacht ceadaithe tithíochta sa Ghaeltacht mar a mhol an tAire tithíochta, an Teachta Darragh O'Brien; go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta scéim deontas ar fáil ar mhaithe le cainteoirí líofa Gaeilge ar mhaith leo lonnú i gceantar na Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid; agus go bhfoilseofaí na treoirlínte faoi mhír 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, a thabharfadh treoir shoiléir do na húdaráis phleanála faoin gcaoi le freastal ar riachtanais tithíochta na bpobal Gaeltachta, ar mhaithe le caomhnú agus neartú na Gaeilge mar theanga phobail.
Is é an namhaid is mó atá ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ná an clog ag ticeáil agus easpa gníomhaíochta na n-údarás Stáit, bliain i ndiaidh bliana, faoi cheist na tithíochta. Iarraimid orthu, na polaiteoirí sna páirtithe éagsúla a bhfuil spéis acu in inmharthanacht na Gaeltachta, a chinntiú go mbeidh Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus na rannóga pleanála sna contaetha Gaeltachta ag feidhmiú as lámha a chéile leis an bhfadhb thithíochta sa Ghaeltacht a réiteach, le go mbeidh an chéad ghlúin eile tuismitheoirí, ar chainteoirí dúchais iad, in ann lonnú sa Ghaeltacht leis an nGaeilge a sheachadadh ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Go raibh maith ag an gcomhchoiste.
No comments